An mbeidh glór an traonaigh le cloisteáil go forleathan in Éirinn aríst?
Labhraíonn Lasair.ie le hAndrea Parisi, taighdeoir PhD le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh atá ag obair leis an eagraíocht Traonach LIFE
Bhí tráth ann a raibh glór éagsúil an traonaigh le cloisteáil go forleathan in Éirinn, ach níl anois faraor. Idir 1970 agus 2019, tháinig meath 96% ar líon na dtraonach sa tír de bharr athruithe i modhanna talmhaíochta go príomha.
Le leathchéad bliain anuas thosaigh feirmeoirí ag baint féir go meicniúil le sadhlas in ionad féar tirim a dhéanamh, rud a rinne scrios de ghnáthóg nádúrtha an traonaigh.
Dar le meastachán a d’fhoilsigh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ní raibh ach 150 péire in Éirinn i 2019, lonnaithe go príomha i suímh iargúlta ar iarchóstaí Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus Chonamara.

Ach tá an tionscadal Traonach LIFE ag iarraidh leigheas a chur ar an scéal seo. Seoladh an togra seo i Márta 2022 le maoiniú ó LIFE, clár de chuid an Aontais Eorpaigh a thugann tacaíocht airgeadais do thionscadail a dhíríonn ar an timpeallacht agus an aeráid.
Cuireann Traonach LIFE an-bhéim ar scileanna agus eolas áitiúil. Oibríonn foireann an tionscadail i gcomhar le feirmeoirí, úinéirí talún agus pobail sna limistéir speisialta le gnáthóga na dtraonach a bhainistiú.
Freisin, cuireann an tionscadal taighde ar bun in éineacht le hAndrea Parisi, taighdeoir PhD le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh.
Dar le Andrea, tugann Traonach LIFE deis dó féin agus don fhoireann scileanna nua a fhorbairt agus saineolas a bhaint amach i réimsí áirithe cosúil leis an mbith-fhuaimeolaíocht (bioacoustics).
Baineann an grúpa úsáid as gléasanna éagsúla le taifid fhuaime a dhéanamh ar na traonaigh sna Limistéir faoi Chosaint Speisialta agus déantar anailís ar na taifid seo ina dhiaidh.

Obair dhúshlánach atá ann áfach de bharr go mbíonn na héin lonnaithe in áiteanna iargúlta.
“Nuair a smaoiníonn tú ar an talamh ina bhfuil na traonaigh, tá sé chomh fairsing agus chomh hiargúlta. Mar sin tá foireann chuí ag teastáil” a deir Andrea.
Déanann sé trácht chomh maith ar an tábhacht a bhaineann le feirmeoirí áitiúla don tionscadal. “Tá dearcadh iontach dearfach ag na feirmeoirí. Bíonn siad sásta am agus áiseanna a thabhairt. Tá sé sin ríthábhachtach”.
Bíonn ar Traonach LIFE obair i gcomhpháirtíocht leo le cinntiú go mbíonn an talamh feirme sna Limistéir faoi Chosaint Speisialta feiliúnach do na traonaigh.
Bíonn paistí talún le bratacha fásra ag teastáil ó na héin ionas gur féidir leo a neadacha a thógáil agus fanacht i bhfolach ó chreachadóirí. Freisin, moltar d’fheirmeoirí teicnící áirithe a úsáid nuair a lomann siad a bpáirceanna..
Bíonn foireann Traonach LIFE sásta na feirmeoirí a threoiriú le go mbeadh na scileanna acu a dtalamh féin a bhainistiú i gcaoi atá feiliúnach don bhithéagsúlacht. Dar le hAndrea, tá rath ag teacht ar an obair seo. “Tá sárthorthaí faighte againn, go háirithe ar Leithinis an Mhuirthead, i nDún na nGall agus sna hoileáin i nGaillimh. D’fheicfeá páirceanna lán le magairlíní agus speicis eile nach mbíonn le fáil in Oirthear na hÉireann de ghnáth”.
Tá an traonach sáite i gcultúr na tuaithe in Éirinn. Do ghlúin áirithe, spreagann gáir chúplála an éin cuimhní a bhain leis an Samhradh san am atá caite. De réir seanchais, aithníodh nead an traonaigh mar chomhartha go raibh an Fhómhar tagtha fadó. Ach is léir go bhfuil grá daingean ann fós don traonach.
Tugann Andrea le fios go bhfuil an t-éan seo fós ag dul i bhfeidhm ar dhaoine sa lá atá inniu ann.
“Tháinig thart ar 50 duine idir óg agus aosta in éineacht leis an bhfoireann chun éisteacht leis na traonaigh. Thaitin sé go mór leo… Bhí neart daoine ann a bhí ag éirí an-mhaoithneach mar níor chuala siad glóir an traonaigh le leathchéad bliain anuas. Bhí sé sin iontach deas”
Léiríonn an tionscadal seo go mbraitheann caomhnú an dúlra go mór ar chomhpháirtíocht an phobail. Tá sé ríthábhachtach go dtugtar scileanna agus eolas do mhuintir na háite le go mbeadh siad in ann tacú le hiarrachtaí an timpeallacht a chosaint.
“Uaireanta, caithfimid níos mó oibre a dhéanamh le daoine ná le hainmhithe nuair atá tionscadal mar seo ar siúl againn” a deir Andrea.
“Bímid ag obair i gcomhar leis an bpobal ina iomláine. Bímid ag obair le scoileanna áitiúla agus ag labhairt leis na feirmeoirí gach lá. Tá sé tábhachtach go dtuigeann daoine an tábhacht a bhaineann leis na gnáthóga agus go bhfuil na scileanna acu iad a bhainistiú i gceart”.
Is féidir tuilleadh eolais faoi Traonach LIFE a aimsiú anseo.
