An chéad uisce beatha le lipéad lán-Ghaeilge eisithe
Is é seo an chéad uisce beatha atá eisithe ag Scair Uisce agus rinneadh é i nDrioglann Loch Measc i nGaeltacht Mhaigh Eo
D’fhág an comhlacht nua Scair Uisce a lorg ar stair an uisce bheatha Éireannaigh ag tús na míosa seo nuair a sheol siad buidéal uisce beatha le lipéad lán-Ghaeilge don chéad uair riamh.
Tá an t-uisce beatha seo déanta nDrioglann Loch Measc, atá lonnaithe i nGaeltacht Thuar Mhic Éadaigh, Contae Mhaigh Eo, agus atá faoi stiúir an stiléara Andrew Hastings.
Is é seo an chéad bhuidéal atá seolta ag Scair Nua agus deir siad go léiríonn sé tiomantas láidir do chultúr agus d’fhéiniúlacht na tíre.

Dúirt Mark Nathan, comhbhunaitheoir an chomhlachta, “Idir an comhoibriú atá déanta againn leis an stiléir Andrew Hastings, agus an cinneadh úsáid a bhaint as an nGaeilge, léiríonn an eisiúint seo ár bpaisean don uisce beatha dána agus do léiriú cultúrtha atá iontaofa.”
“Táimid ag obair ar thionscadail bheaga éagsúla le trí bliana anuas, agus mhothaigh muid go raibh an t-am ceart tagtha chun ár gcuid oibre a chur os comhair an tsaoil.”
Tá saothar ealaíne speisialta le feiceáil ar an mbuidéal freisin, a thugann ómós do Loch Measc agus do Ghaeltacht Mhaigh Eo.
Tharraing an t-ealaíontóir clúiteach Francis Leavey ó Fab Cow Designs pictiúr lámhdhéanta de sceach gheal sa cheantar agus is siombail é an íomhá seo ar an stair agus an neart a bhaineann le Tuar Mhic Éadaigh.

Pictiúr: Andrew Healy
Áfach, ní hé an lipéad lán-Ghaeilge an t-aon rud atá éagsúil faoin uisce beatha gráin seo atá 14 bliain d’aois.
Chaith an t-uisce beatha seo 13.5 bliain i sean-bhairillí bourbon agus 6 mhí eile i mbairille seirise (sherry ) “Spinola Ximénez.”
Is é seo an chéad uair riamh gur baineadh úsáid an próiseas seo le huisce beatha gráin as Éirinn a dhéanamh.
Níl ach 160 buidéal den uisce beatha seo le fáil ar fud fad an domhain agus tá ós cionn 70 buidéal díolta cheana féin do cheannaitheoirí san Áis.

Meastar go mbeidh praghas €90 an buidéal air in Éirinn agus táthar ag súil go mbeidh an-tóir air i measc bailitheoirí uisce beatha.
Bhunaigh an lánúin Mark Nathan agus Galyna Voloshyna an comhlacht Scair Uisce i 2023.
Tugann an comhlacht deis do dhaoine infheistíochtaí beaga a dhéanamh agus scaireanna i mbairillí uisce beatha a cheannach.
De réir mar a chaitheann uisce beatha am i mbairille, ardaíonn luach an bhiotáille. Áfach, tugann Scair Uisce an seans do chustaiméirí méad beag uisce beatha óg a cheannach agus coinníonn an comhlacht an biotáille i mbairille ar feadh cúpla bliain eile le go dtiocfaidh feabhas ar an gcaighdeán.
Mar sin, is féidir le custaiméirí uisce beatha ar ard-chaighdeán a cheannach ar phraghas níos ísle má tá siad foighdeach.
Is féidir tuilleadh eolais faoi Scair Uisce a fháil anseo.
Freisin, is féidir tuilleadh eolais faoi Drioglann Loch Measc a fháil anseo.
