Rugbaí: Déanfar craoladh beo ar chluiche na Leon ar TG4
Is é seo an chéad uair go mbeidh foireann na Leon ag imirt in Éirinn agus beidh tráchtaireacht le fáil i nGaeilge agus i mBreatnais araon
Déanfaidh TG4 craoladh beo ar chluiche Leoin na Breataine agus na hÉireann nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar an Airgintín i mBaile Átha Cliath, ar 8in Dé hAoine seo.
Is é seo an chéad uair go mbeidh foireann na Leon ag imirt in Éirinn, agus is é seo an chéad uair freisin go mbeidh TG4 agus S4C ag obair i gcomhar lena chéile chun craoladh spóirt beo a chur ar fáil do phobal na hÉireann agus na Breataine Bige.
Tar éis an chluiche i mBaile Átha Cliath, tabharfaidh na Leoin – atá faoi stiúir an bhainisteora Andy Farrell – a n-aghaidh anonn go dtí an Astráil don chamchuairt 9 gcluiche, lena n-áirítear sraith 3 mhórchluiche.

Is iad Gemma Ní Chionnaith agus Cuán Ó Flatharta a chuirfidh clúdach TG4 i láthair. Ina dteannta beidh painéal saineolaithe a thabharfaidh léargas ar leith ar an imirt agus a dhéanfaidh tráchtaireacht ar fud ardáin uile TG4.
Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4, Rónán Ó Coistealbha, “Tá ríméad ar TG4 a bheith páirteach i gcluiche Leoin na Breataine agus na hÉireann.”
“Is iontach an deis é seo chun rugbaí ar leibhéal ard a thaispeáint agus an ceangal láidir idir ár náisiúin a cheiliúradh tríd an spórt”
“Táimid ag súil le bheith ag obair go dlúth lenár gcomhpháirtithe in S4C chun clúdach eisceachtúil féachana a chur ar fáil ar an teilifís agus ar líne.”
Is foireann rugbaí aontaithe ar leith iad Leoin na Breataine agus na hÉireann ar a bhfuil imreoirí ó fhoirne náisiúnta na hÉireann, Shasana, na hAlban agus na Breataine Bige.
Tugann na Leoin camchuairt gach ceithre bliana ar fhoirne rugbaí an leathsféir theas san Astráil, an Nua-Shéalainn agus an Afraic Theas.

Pictiúr: ©INPHO/Dan Sheridan
I mbliana, tá cúigear déag as Éirinn mar chuid de scuad na Leon – agus tá deichniúr acub ainmnithe don chéad uair riamh.
I measc siúd atá ainmnithe i mbliana, tá réaltaí cosúil le Tadhg Furlong, Bundee Aki, James Lowe agus Mack Hansen.
Tá tús á chur le camchuairt na bliana seo anois go bhfuil clabhsúr curtha le feachtas iomaíoch Sé Náisiún 2025, feachtas ina mbíonn go leor de na himreoirí ag iarraidh áit a bhaint amach ar scuad na Leon.
Beidh sé mar aidhm ag an Astráil leanúint leis an dul chun cinn atá déanta acu faoi Joe Schmidt, a bheidh ag éirí as tar éis na camchuairte.

Beidh fonn orthu teacht chucu féin i ndiaidh Chorn an Domhain 2023 – comórtas nach ndearna siad go maith ann – sula n-óstálfaidh siad féin Corn an Domhain in 2027.
Ag labhairt dó roimh an chluiche, dúirt Príomhfheidhmeannach na Leon, Ben Calveley, “Tá sé go hiontach go mbeidh ár gcéad chluiche riamh in Éirinn ar fáil le tráchtaireacht i nGaeilge agus i mBreatnais, a bhuí le S4C agus TG4.”
“Tá turas iontach romhainn san Astráil, agus is tús iontach é an cluiche i mBaile Átha Cliath.”
Dúirt Sue Butler, Ceannaire Spóirt S4C, “Is cluiche stairiúil a bheidh ann mar gurb é an chéad uair é a imreoidh na Leoin in Éirinn agus tá ríméad orainn a bheith ag obair i dteannta ár bpáirtnéirí TG4 chun é a chraoladh.
“Nach iontach go deo an bealach é le tús a chur le samhradh mór rugbaí ar S4C.”
Is féidir Spórt TG4 a leanúint ar na meáin shóisialta chun an t-eolas is déanaí, réamhamharc ar na cluichí agus ábhar eisiach a fháil sula dtosóidh an clúdach ar Chamchuairt na Leon.
Is féidir breathnú ar an gcluiche é féin beo ar an teilifís nó ar líne ar shuíomh TG4 ar an nasc anseo.
