Gradam ‘Spiorad na Féile’ buaite ag an scannán Kneecap ag Féile na Meán Ceilteach
Bhuaigh an scannán Kneecap an gradam Spiorad na Féile ag Féile na Meán Ceilteach i gCorn na Breataine, oíche aréir.
Tá an scannán seo bunaithe ar scéal an triúr ball – Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí – agus an chaoi ar tháinig siad le chéile le banna rapcheoil a bhunú.
Tugann an scannán léargas freisin faoin gcultúr i mBéal Feirste i ndiaidh na dTríoblóidí, agus faoin nglúin nua atá ag teacht chun cinn agus ag fágáil a lorg ar shaol na Gaeilge.
Léirigh Fine Point Films an scannán i gcomhar le Wildcard agus Mother Tongues Films, agus fuair sé maoiniú ó raon leathan eagraíochtaí cosúil le TG4, Scáileáin Thuaisceart Éireann, Fís Éireann, BFI, Coimisiún na Meán, agus an Ciste Craoltóireachta Gaeilge.

Ag labhairt dó faoina mbronnadh dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, “Tá níos mó i gceist le Kneecap ná scannán amháin – is gluaiseacht é.”
“Tá siad tar éis an Ghaeilge a thabhairt os comhair lucht féachana idirnáisiúnta ar bhealach bríomhar, comhaimseartha agus dochreidte. Ní hamháin go bhfuil siad ag cur lena dteanga agus lena gceantar féin, ach tá siad ag cur le cultúir dhúchasacha ar fud an domhain.”
Ach ní hé Kneecap amháin a d’fhill abhaile le duais. Bhuaigh an clár raidió Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gradam sa rannóg ‘Siamsaíocht (Fuaim).”

Is clár irise é Barrscéalta a thugann scéalta áitiúla, comhrá bríomhar agus siamsaíocht chuig pobal Ghaeltacht Thír Chonaill agus níos faide i gcéin.
Bhí an-lúcháir ar Michelle Nic Grianna, láithreoir an chláir, faoin aitheantas.
Dúirt sí, “Tá muid thar a bheith bródúil as. Is mór an onóir dúinn an gradam seo a fháil, go háirithe toisc gur iomaíocht ghéar a bhí ann. Tá sé tábhachtach dúinne cloisteáil ón bpobal agus a gcuid scéalta a thabhairt ar an aer.”
Ghlac Dónall Mac Ruairí an gradam thar ceann na foirne agus moladh é as a shaothar ar an gclár. Dúirt sé gur cruthúnas é an gradam seo ar an obair a dhéanann an fhoireann i nDoirí Beaga ó lá go lá.

Chomh maith le seo, bhuaigh Caoimhe Ní Cathail ó BBC Gaeilge an duais do “Láithreoir na Bliana (Fuaim)”
Freisin, bhuaigh an clár TG4 “An Bothy Band” duais don Clár Ceoil Beo is fearr.
Tá Féile na Meán Ceilteach ar cheann de na féilte cultúrtha is mó a thugann aitheantas do chruthaitheacht i dteangacha Ceilteacha. Reáchtáiltear gach bliain í i gceann de na réigiúin Cheilteacha, agus tugtar deis do chláir teilifíse, raidió agus scannáin as Albain, an Bhreatain Bheag, Éire, Oileán Mhanann agus an Bhriotáin dul san iomaíocht le chéile.
