Géarcháineadh déanta ar RTÉ as ucht airgead fógraíochta Raidió na Gaeltachta a thógáil

Thuill fógraí ar Raidió na Gaeltachta os cionn €600,000 ach téann an t-airgead seo i dtreo gach cineál seirbhíse ar RTÉ

Tá polaiteoirí de chuid an rialtais agus an fhreasúra tar éis géarcháineadh a dhéanamh ar RTÉ agus é tugtha le fios nach gcoinníonn Raidió na Gaeltachta an t-ioncam a thuiltear ó fhógraí a chraolann an stáisiún.

Tuigtear gur tuilleadh os cionn €600,000 ó fhógraí tráchtála a craoladh ar Raidió na Gaeltachta le breis agus bliain anuas.

Áfach, tuairiscíodh alt ar an suíomh Tuairisc.ie Déardaoin seo caite go bhfanann an t-airgead seo “go lárnach” in RTÉ agus go gcaitear é ar gach cineál seirbhíse a chuireann an craoltóir náisiúnta ar fáil.

RTÉ 
Raidió na Gaeltachta
Bhí an tuiscint ann go rachadh an t-airgead ó fhógraí ar RnaG i dtreo seirbhísí Gaeilge ach fanann sé “go lárnach” in RTÉ

Ag labhairt dó leis na meáin, dúirt John Connolly TD ó Fhianna Fáil go raibh sé “míchothrom” nach raibh Raidió na Gaeltachta in ann tairbhe a bhaint as an airgead atá bailithe acu.

Dúirt an Teachta as Gaillimh Thiar, “Is trua é más rud é go bhfuil RnaG anois mar ghné de chomhlacht atá ag bailiú airgid ar a son. Ba chóir go mbeadh ardú ar an méid a fhaigheann siad chuile bliain.”

“Ní chloiseann sé go maith más rud é nach bhfuil an méid airgid a dhéanann Raidió na Gaeltachta maidir le fógraí ag fanacht ann.’’

Thug Connolly le fios freisin go bhfuil fonn air ceisteanna a chur ar an Aire Ealaíon agus Meán, Patrick O’Donovan, faoi seo.

Rinne na polaiteoirí John Connolly ó Fhianna Fáil (ar chlé) agus Aongus Ó Snodaigh ó Shinn Féin (ar dheis) géarcháineadh ar RTÉ

Labhair urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin, Aongus Ó Snodaigh TD, leis na meáin freisin agus dúirt sé go raibh Raidió na Gaeltachta “ar an ngannchuid le blianta.”

Dúirt sé, “Mura bhfuil an t-airgead atá á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta ag dul chuig Raidió na Gaeltachta beidh orainne ceisteanna a chur nuair atá RTÉ os comhair an Choiste Ealaíona arís.”

“Caithfear a dhéanamh cinnte nach bhfuil siad thíos ó thaobh fógraíochta de agus go bhfuil an céatadán ceart ag dul chucu nó b’fhéidir níos mó toisc gur stáisiún beag atá i gceist.”

Rinne Ó Snodaigh cáineadh freisin ar an gcaoi go bhfuil forálacha de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasuithe), 2021, á chur i bhfeidhm go ginearálta.

De réir na reachtaíochta, tá ar eagraíochtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus 5% dá mbuiséad fógraíochta a chaitheamh ar fhógraí sna meáin Ghaeilge.

Bhí an tuiscint ann go mbeadh earnáil na meán Gaeilge in ann tairbhe a bhaint as an 5% seo ach tá an imní ann nach bhfuil sé seo ag tarlú i ndáiríre.

De réir tuairisce ó Oifig an Choimisinéara, i 2023, ní dheachaigh ach 4% den chaiteachas fógraíochta ó chomhlachtaí poiblí i dtreo fógraí a foilsíodh sna meáin Ghaeilge – rud a thugann le fios nach bhfuil comhlachtaí áirithe ag comhlíonadh a ndualgais de réir na reachtaíochta.

Bíonn ar gach comhlacht poiblí tuairisc a sheoladh go hOifig an Choimisinéara Teanga maidir le seo gach bliain ach níl na sonraí seo le fáil go poiblí.

Ina theannta sin, tuigtear go mbíonn comhlachtaí margaíochta príobháideacha ag fáil cuid den airgead seo atá ceaptha dul i dtreo na meán Gaeilge.

Thug foinse amháin ón earnáil le fios go mbíonn deacrachtaí ag a bhfoilseachán íocaíochtaí a fháil ó chomhlachtaí margaíochta príobháideacha a dhéanann fógraíocht ar son eagraíochtaí stáit.

Dúirt Ó Snodaigh faoi seo, “Ní féidir le haon eagraíocht stáit a rá go bhfuil 5% á chaitheamh acu mura bhfuil cruthúnas acu go bhfuil sé sin caite, is cuma más trí chomhlacht margaíochta é nó nach bhfuil.”

In éindí le seo, tuigtear go bhfuil ardáin nach bhfuil cláraithe le hOifig an Choimisinéara Teanga ag baint tairbhe as forálacha na reachtaíochta.

Tá ar a laghad comhlacht príobháideach amháin ann a fhoilsíonn fógraí gan chiall ó eagraíochtaí poiblí ar shuíomh “lán-Ghaeilge” a bhaineann úsáid as córas meaisínaistriúchán agus a bhí díchláraithe ó Oifig an Choimisinéara Teanga de bharr an droch-chaighdeáin a bhaineann leis na haistriúcháin seo.

Ag déanamh tagairt dó seo, dúirt Ó Snodaigh, “Níor chóir go mbeadh fógraíocht ann atá doléite nó gan tuiscint ar bith in aon teanga, i nGaeilge ach go háirithe toisc go bhfuil an scéim urraíochta ann… Caithfidh an Coimisinéir Teanga agus Coimisiún na Meán díriú isteach ar an gceist seo.”

Ceanncheathrú RnaG i gCasla, Conamara

Bhí sé ina chinneadh mór nuair a tháinig deireadh leis an gcosc ar fhógraí tráchtála ar RTÉ Raidió na Gaeltachta anuraidh. Bhí an cosc sin i bhfeidhm ó bunaíodh an stáisiún i 1972, breis is caoga bliain ó shin.

Cuireadh an polasaí nua i bhfeidhm tar éis do bhainistíocht an stáisiúin machnamh a dhéanamh ar an reachtaíocht a tháinig isteach i 2021.

Dúirt RnaG ag an am go n-úsáidfí an t-airgead breise ó na fógraí le hinfheistíocht a dhéanamh ar threalamh nua, feabhas a chur ar sheirbhísí an stáisiúin, agus forbairt a dhéanamh ar chartlann RnaG.

Nuair a craoladh na fógraí ar dtús, rinneadh go leor gearán faoin gcaighdeán Gaeilge agus foghraíochta a bhí le cloisteáil orthu. Dúirt Muireann Ní Mhóráin, iarcheannasaí na Comhairle um Oideachas Gaeilge agus Gaeltachta, go raibh an Ghaeilge chomh holc ar chuid de na fógraí go raibh siad  “dothuigthe.”

Tar éis an cháinte seo, gheall bainistíocht RnaG nach gcraolfaí fógraí le Gaeilge lochtach.


Lean muid ar na meáin shóisialta

Scéalta Eile