An mbeidh lá saoire poiblí ann do Naomh Colm Cille?

Níl ach 10 lá saoire i bPoblacht na hÉireann cé go mbíonn 12 lá saoire ar fáil i i dtíortha Eorpacha eile, ar an meán

Iarrfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall ar an rialtas lá saoire poiblí nua a bhunú in ómós do Naomh Colm Cille.

Is é Naomh Colm Cille an t-aon phátrún naofa Éireannach gan lá saoire poiblí go fóill.

Tháinig an moladh ón gComhairleoir Jimmy Kavanagh ó Fhine Gael, agus glacadh leis an rún ag cruinniú cé chuid an Chomhairle le déanaí.

Dúirt an Comhairleoir Kavanagh go bhfuil dhá phríomhchuspóir leis an gcinneadh seo.

“Níl ach 10 lá saoire againn sa tír seo, cé go mbíonn 12 lá saoire acu i dtíortha na hEorpa, ar an meán. Tá Naomh Colm Cille ar dhuine de thrí phátrún naofa na tíre, in éineacht le Naomh Pádraig agus Naomh Bríd, ach níl lá speisialta ann dó. Ba mhaith linn leigheas a chur ar an scéal seo,” a dúirt sé.

Naomh Colm Cille
Fothracha Eaglais Naomh Colm Cille, Gartán, Contae Dhún na nGall

Tá ceiliúradh á dhéanamh ar Lá Fhéile Naomh Colm Cille inniu, an 9 Meitheamh. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil lá saoire bainc cheana i mí an Mheithimh, luaigh an Comhairleoir Kavanagh dhá rogha féideartha.

“Ceann de na roghanna ná Lá Saoire Mheithimh a ainmniú in ómós do Naomh Colm Cille, ach ní chuirfeadh sé sin lá breise leis an bhféilire. Rogha eile ná lá saoire úr a chur ar an gcéad Luan de mhí Iúil – mí nach bhfuil aon lá saoire poiblí aici i bPoblacht na hÉireann,” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin, “Is inspioráid é saol Naomh Colm Cille. Bheadh sé go hiontach dá mbeadh lá speisialta le haitheantas a thabhairt dá oidhreacht. Tá súil againn go mbeidh an Rialtas dearfach faoin moladh seo.”

Mainistir Oileán Í, an Albain. Bhunaigh Naomh Colm Cille an mhainistir thábhachtach seo agus creidtear gurb anseo a scríobhadh Leabhar Cheanannais

Chomh maith leis sin, dúirt an Comhairleoir Kavanagh go mbeadh baint ag an lá seo le hoileán na hÉireann ina iomláine, an Tuaisceart san áireamh, agus go gcuirfeadh sé le ceangail idirnáisiúnta mar bíonn ceiliúradh á dhéanamh ar Cholm Cille ar fud an domhain.

Meastar gur sa bhliain 521 a rugadh Colm Cille i nGartán, i nDún na nGall. Bhunaigh sé níos mó ná 50 ionad Críostaí timpeall na hÉireann.

Tá nasc láidir aige le háiteanna cosúil le Gleann Cholm Cille, Toraigh, Ceanannas agus Sord. Tá sé freisin mar phátrún naofa ar chathair Dhoire – nó Doire Cholmcille mar a thugtar ar i nGaeilge go minic.

Bhí Colm Cille lárnach i scaipeadh na Críostaíochta sa mBreatain. Bhí mainistir thábhachtach aige ar Oileán Í, oileán atá suite amach ó chósta na hAlbain.

Leathnach ó Leabhar Cheanannais atá lonnaithe anois i gColáiste na Tríonóide, BÁC

Creidtear gurb ansin a scríobhadh Leabhar Cheanannais, lámhscríbhinn cháiliúil i Laidin atá lonnaithe anois i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Fuair sé bás ar Oileán Í ar an 9 Meitheamh, 597 agus oidhreacht láidir fágtha aige – rud atá le feiceáil sa lá atá inniu ann. Tá an t-uafás scoileanna, séipéil agus clubanna CLG ainmnithe in ómós dó ar fud fad na tíre.

Faoi láthair, tá deich lá saoire phoiblí i bPoblacht na hÉireann. Tugadh aitheantas do Lá Fhéile Bríde i 2023.


Lean muid ar na meáin shóisialta

Scéalta Eile