An Bhreatain Bheag: De réir a chéile tá dragún an neamhspleáchais ag múscailt
“Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil seanpháirtithe na bunaíochta – Páirtí an Lucht Oibre agus an Páirtí Coiméideach – in ann dul i ngleic le ceisteanna móra na sochaí”
Cé nach bhfuil an cheist seo tar éis mórán airde a bhaint amach taobh amuigh den Bhreatain Bheag, beag ar bheag tá méadú ag teacht líon na ndaoine sa tír atá ag iarraidh neamhspleáchais a bhaint amach.
Léiríonn na figiúirí is déanaí go dtacaíonn níos mó daoine ná riamh sa mBreatain Bheag le scoilt ón mBreatain Mhór – agus an tacaíocht is láidre le feiceáil i measc an dreama óig.
Dar le pobalbhreith a rinne Redfield & Wilton Strategies don eagraíocht YesCymru i mí Aibreáin 2025, dúirt 41% de na daoine a raibh tuairim shoiléir acu go vótálfadh siad ar son an neamhspleáchais dá mbeadh reifreann ann.
Seo méadú 5 phointe i gcomparáid le anuraidh. I measc daoine óga idir 25 agus 34 bliain d’aois, bhí an tacaíocht i bhfad níos airde — dúirt 72% go dteastódh uathu go mbeadh an Bhreatain Bheag neamhspleách.

Chuir pobalbhreith eile a rinne YouGov i mí Bhealtaine in iúl go raibh thart ar 35% den daonra i bhfabhar an neamhspleáchais, 50% ina choinne, agus 15% fós neamhchinnte.
Thug tuairiscí eile le fios go mbeadh níos mó daoine sásta tacú leis an neamhspleáchas dá mbeadh sé mar chuid de phlean chun dul ar ais isteach san Aontas Eorpach – cé gur vótáil tromlach na Breataine Bige don Bhreatimeacht.
Tá an méadú seo ar thacaíocht don neamhspleáchas ag dul lámh ar lámh le hathruithe móra sa pholaitíocht áitiúil.
Tá borradh ag teacht ar thacaíocht Plaid Cymru, an páirtí náisiúnach is mó sa tír. Don chéad uair le 15 bliain anuas, d’éirigh leis an bpáirtí an chéad áit a bhaint amach i bpobalbhreitheanna do Senedd na Breataine Bige le cúpla mí anuas.

Tá laghdú suntasach tagtha ar thacaíocht Pháirtí an Lucht Oibre ó chuaigh siad isteach sa rialtas i Westminster, agus tá Plaid ag baint tairbhe as seo.
Tá ceannaire nua an pháirtí, Rhun ap Iorwerth, ag iarraidh comhrá poiblí a spreagadh faoin neamhspleáchas, cé nach bhfuil sé ag geallúint reifreann láithreach má éiríonn leo cumhacht a bhaint amach i rialtas déabhlóidithe na Breataine Bige.
Áfach, tá Reform UK, páirtí polaitíochta ar an eite dheis faoi cheannaireacht Nigel Farage, ag dul i bhfeidhm ar chuid mhaith den daonra freisin, go háirithe i gceantair thionsclaíocha in oirdheisceart na tíre a bhfuil meath tagtha orthu.
I gcaint i bPort Talbot, gheall Farage go n-osclódh sé mianach gual arís agus go ndéanfadh sé iarracht tionsclaíocht a chur ar ais sa Bhreatain Bheag.
Thaispeáin an phobalbhreith is déanaí ón gcomhlacht FindOutNow go bhfuil tacaíocht 29% ag ReformUK agus 27% ag Plaid Cymru.
Tá an dá pháirtí araon ag dul i bhfeidhm ar dhaoine atá míshásta leis an ngeilleagar agus leis an mbealach atá cúrsaí faoi láthair.
Tá géarchéim an chostais mhaireachtála ag cur isteach ar go leor daoine, go háirithe i gceantair a bhraitheadh ar thionscadail traidisiúnta fadó, agus tá frustrachas ar dhaoine óga maidir leis na deiseanna eacnamaíochta atá ar fáil dóibh.

Ó shin i leith, tá fás eacnamaíoch sa Bhreatain Bheag tar éis fanacht i bhfad taobh thiar de réigiúin eile sa Ríocht Aontaithe. Tá tuarascálacha ann a léiríonn go bhfuil fíorphá in earnálacha éagsúla fós níos ísle ná mar a bhí roimh an géarchéim airgeadais i 2008.
Tá an bochtanas agus an éagothroime eacnamaíoch le feiceáil go soiléir ar fud na tíre freisin. De réir fhigiúirí oifigiúla, tá rátaí bochtanais i measc páistí sa Bhreatain Bheag ar na cinn is airde sa Ríocht Aontaithe.
Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil seanpháirtithe na bunaíochta – Páirtí an Lucht Oibre agus an Páirtí Coiméideach – in ann dul i ngleic le ceisteanna móra na sochaí.
Mar sin tá muintir na Breataine Bige ag casadh i dtreo an náisiúnachais – bíodh sé sin náisiúnachas na Breataine Móire ar an eite dheis nó náisiúnachas na Breataine Biga ar an eite chlé.
Áfach, is léir mar go bhfuil an díospóireacht faoi neamhspleáchas níos doimhne ná ceist na náisiúntachta amháin. Tá baint aici leis an easpa muiníne atá sa chóras faoi láthair agus an brú eacnamaíocha atá ag cur isteach ar phobail ar fud fad na tíre agus níos faide i gcéin.
Le tacaíocht ag fás i measc na n-óg agus i measc daoine a mhothaíonn go bhfuil siad fágtha ar lár ag Westminster, tá gluaiseacht nua ag teacht chun cinn.
Cé nach bhfuil reifreann neamhspleáchais ar na bacáin go fóill, léiríonn na hathruithe atá ar siúl go bhfuil comhrá náisiúnta faoi lánseol sa Bhreatain Bheag.
