Bean a bhí daortha chun báis i bhFlorida ainmnithe mar dhuine den bheirt a cailleadh i dtine i gConamara
Daoradh Sunny Jacobs chun báis i Meiriceá i 1976 tar éis eachtra lámhaigh ina bhfuair beirt phóilín bás, ach scaoileadh saor í i 1992 nuair a tháinig athrú ar an bhfianaise.
Tá sé deimhnithe go bhfuil Sonia ‘Sunny’ Jacobs, bean a bhí daortha chun báis ar feadh 5 bliana i bhFlorida, ar dhuine den bheirt a fuair bás i dtine uafásach i gConamara inniu.
Thosaigh an tine timpeall ar 6:20 ar maidin i nGleann Mhic Mhuireann, baile fearainn ar Bhóthar Sheanadh Phéistín idir Crosbhóthar Ros an Mhíl agus Uachtar Ard.
Glaodh ar na seirbhísí éigeandála láithreach, ach nuair a shroich siad an teach, bhí sé ródhéanach. Thángthas ar chorp mná sna 70idí agus fir sna 30idí sa teach.
Thug muintir na háite le fios gurbh í Sunny Jacobs an bhean a fuair bás.
Bhí sí ina cónaí sa cheantar le blianta anuas tar éis Peter Pringle a phósadh, iarphríosúnach Éireannach a bhí daortha chun báis i 1980. Scaoileadh saor é i 1995 tar éis a rinneadh athbhreithniú ar a chás.
Bhí cás Jacobs féin ar cheann de na botúin ba mhó sa gcóras dlí choiriúil i Meiriceá.
Gabhadh í i 1976 tar éis eachtra lámhaigh ina bhfuair beirt phóilín bás.
Cé gur admhaigh fear eile a bhí ag taisteal i gcarr léi, Walter Rhodes, gur mharaigh sé na póilíní, daoradh Jacobs agus a fear céile Jesse Tafero chun báis.
Cuireadh Tafero chun báis i 1990, ach scaoileadh Jacobs saor i 1992 nuair a tháinig athrú ar an bhfianaise.
D’fhoilsigh sí leabhar faoin tréimhse sin den teideal Stolen Time i 2008, agus thosaigh sí ag feachtasaíocht in aghaidh an phionóis báis. Chas sí le Peter Pringle in Éirinn i 1998 agus phós siad in 2012.
Fuair Peter Pringle bás i 2023, agus bhí Sunny fós ina cónaí sa teach i gConamara.
Tá scrúdú teicniúil á dhéanamh ag an nGarda Síochána le cúis na tine a aimsiú.
Tá scrúdú á dhéanamh ar na coirp in Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe agus tá an cróinéir curtha ar an eolas.
Iarrann na Gardaí ar aon duine a bhfuil eolas acu glaoch a chur ar stáisiún an Chlocháin ar 095 22500, ar Líne Rúnda an Gharda Síochána ar 1800 666 111, nó ar aon stáisiún Gardaí eile.
