Iarrann grúpa tithíochta ar an gCoimisiún Eorpach aitheantas speisialta a thabhairt don Ghaeltacht
Tá an Coimisiún Eorpach ag dréachtú Plean Tithíochta Inacmhainne faoi láthair agus táthar ag súil go bhfoilseofar é i 2026
Tá an grúpa feachtais BÁNÚ tar éis a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach aitheantas speisialta a thabhairt don Ghaeltacht ina bPlean Tithíochta.
Dé Céadaoin seo caite, sheol an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú ó Fhianna Fáil iarratas chuig grúpa oibre de chuid an Choimisiúin Eorpaigh atá ag plé leis an bPlean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne.
Mar chuid den cháipéis seo, foilsíodh aighneacht ó BÁNÚ agus istigh ann, d’iarr an grúpa ar an Aontas Eorpach aitheantas speisialta caomhnaithe teanga a thabhairt do na ceantair Ghaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid ag sciar suntasach den phobal ar bhonn laethúil.
Dúradh freisin go mbeidh todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail i mbaol, mura dtógfar céimeanna ciallmhara anois le tithíocht a sholáthar do chainteoirí Gaeilge.

I ráiteas, dúirt BÁNÚ gur “cheart go mbeadh caomhnú na Gaeilge mar theanga bheo phobail tábhachtach ar an gcaoi chéanna don Aontas Eorpach is atá caomhnú na bithéagsúlachta is caomhnú na timpeallachta.”
“Níl aon aitheantas oifigiúil faoi leith ag na ceantair sin ina bhfuil an teanga fós in úsáid i measc an phobail, seachas ceantair oifigiúil Ghaeltachta ina bhfuil an teanga imithe i léig le fada an lá.”
Molann an aighneacht don Aontas Eorpach brú a chur ar rialtas na hÉireann beartais chaomhnaithe teanga a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht.
Freisin, moltar gur chóir go ligfí d’údaráis phleanála agus tithíochta beartais chosanta a chur i bhfeidhm, a mheallfadh daoine le Gaeilge líofa áit chónaithe a aimsiú sna ceantair aitheanta seo chomh maith le tithe a athchóiriú nó a thógáil as an nua.

Moltar chomh gan srian a chur ar Údarás na Gaeltachta córais séarachais a fhorbairt do thithíocht sna ceantair aitheanta seo, an fhad is go mbeadh na córais shéarachais céanna ag cloí le rialacha timpeallachta.
Faoi láthair na huaire, tá an Coimisiún Eorpach ag dréachtú Plean Tithíochta Inacmhainne. Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin dó seo, iarradh ar ghrúpaí leasmhara agus saoránaigh san Eoraip fianaise a bhaineann le cúrsaí tithíochta a chur ar fáil.
Is mar chuid den phróiseas seo a rinne an Feisire Ní Mhurchú a hiarratas, in éindí le 312 iarratas eile ó fud fad na hEorpa, agus is féidir é a léamh ar an nasc anseo.
Sheol Conradh na Gaeilge aighneacht isteach freisin agus tá sé le fáil anseo.
Ina hiarratas, rinne Ní Mhurchú comparáid idir costais talún i gConamara agus Contae Liatroma.
Cé gur cheantair thuaithe iad an dá áit seo den chuid is mó, agus tá an mheántuarastail i gcodanna de Chonamara níos ísle ná mar atá i gContae Liatroma, taispeánadh go raibh costais talún i gConamara fós níos airde dar le heolas ón suíomh Daft.ie.

Luaigh Ní Mhurchú freisin gur diúltaíodh le 25% d’iarratais cead pleanála i nGaeltacht Chiarraí le dhá bhliain anuas agus ní raibh daoine a tharraing a n-iarratas siar le linn an chomhairliúcháin réamhphleanála san áireamh sna staitisticí seo.
Dúradh freisin go raibh líon na dteaghlach ag fás níos tapúla ná líon na dtithe sa Ghaeltacht.
Faoi láthair tá comhairliúchán poiblí ar siúl agus beidh cead ag an bpobal agus saineolaithe a dtuairimí faoin bhfianaise seo a thabhairt agus beartais éagsúla a mholadh.
Tá an Coimisiún ag súil go bhfoilseofar an Plean Tithíochta ina iomlána san Earrach, 2026.
Labhair ionadaithe ó BÁNÚ agus ón ngrúpa náisiúnta Tinteán le coiste de chuid na Parlaiminte Eorpaigh ag deireadh na míosa seo caite agus d’iarr siad orthu dul i ngleic le géarchéim tithíochta na Gaeltachta.
Tar éis an chruinniú, dúirt Matthew Baldwin, atá ina ardstiúrthóir sa Choimisiún Eorpach agus i gceannas ar an tascfhórsa tithíochta, gur ábhar “fíorthábhachtach” a bhí ann agus gur fadhb faoi leith atá san easpa tithíochta i gceantair ina bhfuil cultúr agus teanga dhúchais i gceist.
Dúirt sé, “Ní hamháin gur ceist eacnamaíochta nó sóisialta atá anseo, ach tá impleachtaí doimhne aige ar chosaint agus ar fhorbairt an chultúir dhúchasaigh”
