Borradh ag teacht ar mhúineadh na Gaeilge i scoileanna an Tuaiscirt

Tá an Ghaeilge anois mar an teanga is mó atá á múineadh i measc páistí idir 7-11 bliain d’aois ó Thuaidh, roimh an Spáinnis agus an Fhraincis.

Tá borradh ag teacht ar mhúineadh na Gaeilge i scoileanna ó Thuaidh, de réir taighde nua.

Léiríonn an tuarascáil is déanaí ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, go bhfuil an Ghaeilge á múineadh anois i 41.9% de mheánscoileann — méadú suntasach ó 35% i 2023.

Is cúis mhór áthais é seo do lucht tacaíochta na teanga. Tá an Ghaeilge anois mar an dara teanga is mó a ndéantar staidéar uirthi do na scrúduithe A-leibhéal sa Tuaisceart, díreach taobh thiar den Spáinnis.

Tá an Spáinnis anois mar an teanga is coitianta atá á múineadh sna chéad trí bliana, agus cuireann 84.8% de scoileanna an teanga ar fáil mar ábhar – rud a chiallaíonn go bhfuil sí tar éis na lámha in uachtar a fháil ar an bhFraincis den chéad uair riamh.

Tá meath ag tíocht ar mhúineadh na Fraincise áfach, agus í á múineadh anois in 81% de scoileanna i gcomparáid le 90% anuraidh.

Áfach, tá an Ghaeilge ag dul i méid arís. Tháinig ardú 14.9% ar líon na ndaltaí atá ag déanamh staidéir ar an nGaeilge don GCSE  i 2024, i gcomparáid le 2023.

gaeilge borradh

Tá sí anois mar an teanga is mó atá á múineadh i measc páistí idir 7-11 bliain d’aois, roimh an Spáinnis agus an Fhraincis.

Léiríonn an tuarascáil freisin go bhfuil an Ghaeilge ag fáil níos mó tacaíochta i scoileanna ná mar a fuair ariamh.

Mar sin féin, tá roinnt dúshlán fós le sárú. Deir 49% de mheánscoileanna nach reáchtálfar ranganna teanga mura mbíonn líon áirithe daltaí cláraithe, agus molann 33.3% de scoileanna do dhaltaí le torthaí scrúduithe ísle gan teanga a thógáil.

Cé go ndeir triúr as gach ceathrar dalta i mBliain 9 go dtaitníonn ranganna teanga leo, deir níos lú ná aon trian dóibh go bhfuil sé i gceist acu staidéar a dhéanamh ar theanga mar ábhar don GCSE.

Tugann an tuarascáil le fios freisin go bhfuil 21,350 dalta “nua” sa chóras oideachais sa Tuaisceart anois – is é sin daltaí nach labhraíonn Béarla ná Gaeilge sa bhaile.

Tá breis agus 30 teanga éagsúla á labhairt sna tithe sin cosúil leis an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Mhandairínis agus Araibis.

Bhí an taighde á dhéanamh ag an Dr Ian Collen agus an Dr Jayne Duff ó Ollscoil na Banríona ar son Chomhairle na Breataine (The British Council) agus is féidir cóip den tuarascál a aimsiú anseo.

Scéalta Eile