Clár fógraíochta mór feicthe i Londain le tacaíocht do Mo Chara a léiriú
Beidh Mo Chara le feiceáil sa chúirt i Londain amárach in éindí lena fhoireann dlí clúiteach
Le déanaí, chonacthas clár fógraíochta mór i Londain a léirigh tacaíocht do Kneecap.
Cuireadh an clár fógraíochta seo in airde le tacaíocht a léiriú do Liam Óg Ó hAnnaidh – nó ‘Mo Chara’ mar a thugtar air freisin – sula mbeidh sé le feiceáil os comhair Chúirt na nGiúistísí i Westminster Dé Céadaoin, 18 Meitheamh.
Tógadh grianghraf den chlár fógraíochta i gceantar Lambeth i Londain agus roinneadh é ar na meáin shóisialta.
Ar an gclár fógraíochta, tá an frása “More Blacks, More Dogs, More Irish, Mo Chara” le feiceáil agus baineadh úsáid as na dathanna glas, bán agus oráiste.

Tá an frása seo, i ndáiríre, ina scigaithris ar fhrása ciníoch a bhí le feiceáil i Sasana go minic sna 1960idí.
Ag an am sin, cuireadh fógraí in airde a dúirt, “No blacks, No dogs, No Irish.”
Cúisíodh Liam Óg Ó hAnnaidh – atá 27 bliain d’aois – as bratach an ghrúpa mhíleata Hezbollah a thaispeáint le linn ceolchoirm i Kentish Town, i dtuaisceart Londain, i mí na Samhna anuraidh.
Sa chúirt, beidh foireann dlí mór le rá á chosaint.
I measc na foirne sin tá Gareth Peirce, a bhí mar aturnae do Julian Assange ón eagraíocht WikiLeaks, agus Rosalind Comyn, a rinne ionadaíocht ar lucht agóide Extinction Rebellion.
Chomh maith leis sin, tá Darragh Mackin, Brenda Campbell (Abh. an Rí), Jude Bunting (Abh. an Rí) agus Blinne Ní Ghrálaigh (Abh. an Rí) ar an bhfoireann.
Ba é Darragh Mackin aturnae Sarah Ewart, bean a thóg cás dlí rathúil a d’athraigh an dlí an ghinmhillte i dTuaisceart Éireann.
Rinne Brenda Campbell cosaint ar Shéamus Daly, a cúisíodh i mbuamáil na hÓmaigh i 1998, – thit an cás as a chéile.
D’oibrigh Jude Bunting le “Liberty ” i gcás an “Stansted 15”— gníomhaithe a chuir stop le heitilt a bhí le daoine a dhíbirt chun na hAfraice.
Bhí Blinne Ní Ghrálaigh – as Contae Mhaigh Eo – páirteach freisin i gcosaint an “Stansted 15” chomh maith.
Freisin, tá Ní Ghrálaigh mar chuid d’fhoireann na hAfraice Theas atá ag tógáil cáis i gcoinne Iosrael sa gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta do chinedhíothú i nGaza.
I ráiteas a foilsíodh ar Instagram, dúirt Kneecap: “Tá feachtas ar siúl ag an mBreatain inár gcoinne, ach táimid réidh le troid. Tá foireann dlí den scoth inár dtaobh.”
I mBealtaine, dúirt Póilíní Londain (an Met ) go raibh Kneecap faoi imscrúdú ag póilíní frithsceimhlitheoireachta.
Tháinig sé seo tar éis d’fhíseáin a theacht chun solais inar líomhnaíodh go ndúirt ball den ghrúpa, “Up Hamas, up Hezbollah”, ar stáitse.
I ndiaidh na heachtra seo, shéan Kneecap gur thacaigh siad le Hamas ná le Hezbollah.
