An Cló Gaelach

Do ghlúin áirithe, ba é an Cló Gaelach an príomh-chló a bhaintí úsáid as sa Ghaeilge scríofa.

Ach i lár na 20ú haois, mhol státseirbhísigh an rialtais gur cheart glacadh le córas litríochta nua a bheadh oiriúnach don Chló Rómhánach, ionas go mbeadh sé níos éasca an teanga a chlóscríobh.

Mar sin, cuireadh an Caighdeán Oifigiúil i bhfeidhm i 1958. Bhí rud íorónta faoin bhforbairt seo áfach; cé gur iarracht a bhí ann an Ghaeilge a dhéanamh níos “nua-aimseartha”, nuair a tháinig teicneolaíocht ríomhaireachta chun cinn níos déanaí, réitigh sé na fadhbanna ar fad a bhain leis an seanchló.

In ainneoin seo, sa lá atá inniu ann is annamh go mbaintear úsáid as an seanchló, ach amháin mar ornáidíocht. Áfach, tá saol nua bainte amach ag an gcló sa dearadh grafach, rud a chuireann go mór lena stair shaibhir.

Dearadh an chéad fhoirm den Chló Gaelach nuair a choimisiúnaigh Banríon Eilís I caiticeasma Gaeilge ar son Eaglais na hÉireann i 1571. Scríobh taisceoir Ardeaglais Naomh Pádraig i mBaile Átha Cliath, Seán Ó Cearnaigh, an leabhar seo.

Priontáladh é i dteach Sheón Uiser, bardasach de chuid Bhardais Bhaile Átha Cliath. Bhí an cló sa leabhar seo sách cosúil leis an gcineáil peannaireachta a bhí coitianta in Éirinn agus sa Bhreatain nuair a foilsíodh an Leabhar Cheanannais.

Ach, ba é an rud éagsúil faoin leabhar seo ná gur bhain sé úsáid as clóscríobh priontáilte sa Ghaeilge don chéad uair.

Is féidir an chéad téacs a scríobhadh sa leabhar seo a fheiceáil thíos.

cló gaelach
Do buaileadh so á gcló ghaoidheilge, a mbaile Atha clíath, ar chosdas mhaighisdir Sheón uiser aldarman, ós chionn an dhroichid. an 20. lá do Iuín. 1571.

Bhí tionchar láidir ag an gcreideamh ar fhorbairt an Chló Ghaelaigh. Le teacht an Reifirméisin, theastaigh ó eaglaisí Protastúnacha tráchtais a fhoilsiú i dteangacha éagsúla le go mbeadh siad in ann daoine a thiontú.

Chomh maith le sin, chuir sé seo brú ar an Eaglais Chaitliceach agus d’fhoilsigh siad féin tráchtais áirithe i dteangacha eile seachas an Laidin.

Sa 17ú agus 18ú haois, forbraíodh leaganacha éagsúla den Chló Gaelach i bPáras na Fraince, i Lováin na Beilge agus sa Róimh.

Sna coláistí diagachta a bhí lonnaithe sna háiteanna seo, d’fhoilsigh manaigh agus sagairt Éireannacha tráchtais acadúla i nGaeilge a bhí faoi chinsireacht in Éirinn ag an am de bharr na bpéindlíthe.

Tháinig tuilleadh forbairtí sa 19ú haois déag. Chruthaigh an t-ollamh Angla-Éireannach cáiliúil George Petrie dhá leagan nua den chló in 1835 agus 1850.

Úsáideach na clónna seo go minic i saothair acadúla na linne sin agus bhí na clóphreasanna a dearadh dóibh i seilbh Choláiste na Tríonóide.

Nuair a bhunaíodh Ollscoil Chaitliceach na hÉireann (UCD anois) in 1854, diúltaíodh cead dóibh clólann Choláiste na Tríonóide a úsáid. Mar sin, bhí ar an ollscoil a cló féin a choimisiúnú in 1858, ar ar tugadh “Cló Newman” atá le feiceáil thíos.

Is beag forbairt a tháinig ar an gcló tar éis na tréimhse seo. Is ar Chló Newman a bunaíodh formhór na gclónna Gaelacha a dearadh ó shin i leith, mar bhí sé níos soléite agus níos rialta ná aon chló a chuaigh roimhe.

Áfach, seans go raibh sciar rómhór den mhargadh ag an gcló seo. Tháinig meon chun cinn a cheap go raibh an Cló Gaelach leamh agus marbhánta de bharr nach raibh mórán éagsúlachta ag baint leis.

Réitigh sé seo an bealach do bhua an Chló Rómhánaigh i “gcogadh na gclónna” níos déanaí.

Ag deireadh na 19ú haois, d’fhorbair eagraíochtaí athbheochana cosúil le Conradh na Gaeilge stíl peannaireachta don Ghaeilge freisin a bhí bunaithe ar an gcló. Roimhe seo, baineadh úsáid as peannaireacht ornáideach a tháinig chun cinn sa 7ú haois.

Áfach, bhí gá le stíl níos simplí, reatha agus nua-aimseartha. Faraor, tháinig meath ar an bpeannaireacht seo tar éis 1964 nuair a cuireadh deireadh lena múineadh sa chóras oideachais. Tá sampla den stíl seo le feiceáil thíos.

D’ith an cat mór dubh na héisc lofa go pras

Sa lá atá inniu ann, tá forbairtí suimiúla fós ag teacht ar an gCló Gaelach, go háirithe sa dearadh grafach. I 2018, dhear an tOllamh John McMillan as Ollscoil Uladh cló nua darbh ainm “Cló Feirste”.

Bhí an cló seo bunaithe ar na seanchomharthaí sráide i mBéal Feirste a bhaineann úsáid as tíleanna dubha déanta as cré.

Chruthaigh an tOllamh McMillan leagan Rómhánach agus Gaelach den chló seo le go mbeadh sé feiliúnach do chomharthaí i mBéarla agus i nGaeilge. Tá an dá leagan seo le feiceáil ar shuaitheantas CLG Oirthir Bhéal Feirste thíos.

Is féidir an cló seo a cheannach le haghaidh dearadh proifisiúnta chomh maith anseo.

Leagan eile den chló atá fíorshuimiúil ná an cló “Bráthair”, a bhí cruthaithe ag an dearthóir grafach Declan Behan. Dearadh an cló seo mar leagan Gaelach den chló a bhí atá feiceáil ar chomharthaí sráide a cruthaíodh sa tSlóvaic idir 1960-90 faoi réimeas an tsóisialachais.

Mar sin, tarraingíonn an cló seo aeistéitic Ghaelach agus idirnáisiúnta le chéile i gcaoi éagsúil agus nua-aimseartha.


Lean muid ar na meáin shóisialta

Scéalta Eile