Géarcháineadh déanta ar rialtas na Sualainne faoin gcaoi a chaitheann siad le mionteangacha na tíre

Rinneadh leithcheal go minic ar lucht labhartha mionteangacha na tíre agus ní chuirtear cearta teanga oifigiúla i bhfeidhm go rialta sa lá atá inniu ann

Tá géarcháineadh déanta ag gníomhaireacht de chuid rialtais na Sualainne faoin gcaoi a bhfuil an stát ag plé le mionteangacha sa tír.

San iomlán tá cúig mhionteangacha oifigiúla ann sa tSualainn. Tá aitheantas bronnta ar an bhFionlainnis in éindí le Meänkieli, teanga a labhraítear i dtuaisceart na tíre agus atá an-ghaolta leis an bhFionlainnis.

Freisin, aithnítear na teangacha Sáimise a bhíonn á labhairt ag na Sámaigh, nó an dream Sámi mar a thugtar orthu go minic– grúpa eitneach a bhfuil cónaí orthu i dtuaisceart na dtíortha Nordacha agus na Rúise.

Ina theannta sin, tugtar aitheantas don Romainis, teanga a bhíonn á labhairt ag giofóga na Rómáine, agus an Ghiúdais, teanga Ghearmánach a bhíonn á labhairt go traidisiúnta ag pobail Ghiúdacha na hEorpa cé gur tháinig meath ar an teanga tar éis an Dara Chogadh Domhanda. 

Fear Sámi i bhfeistis traidisiúnta in éindí le fia rua

Go hoifigiúil, tá sé mar cheart ag cainteoirí na mionteangacha seo oideachas a fháil agus leas a bhaint as seirbhísí poiblí ina dteangacha féin.

Áfach deir Oifig Iniúchóireachta Náisiúnta na Sualainne go bhfuil an obair atá á déanamh ró-ghearrthéarmach agus nach bhfuil sé éifeachtach go leor chun na teangacha sin a choinneáil beo.

Dúirt Matilda Loborg, atá mar bhainisteoir tionscadail leis an oifig seo,  “Creidimid nach bhfuil an stát ag obair go héifeachtach chun na mionteangacha náisiúnta a chaomhnú. Is í an fhadhb is mó ná gur trí thionscadail shealadacha atá an obair á déanamh, agus níl leanúnachas ann.”

Is é seo an chéad iniúchadh dá leithéid a rinne an oifig seo ar bheartas mionlaigh agus cuireadh tús leis nuair a tugadh faoi deara nach raibh cearta teanga á gcur i bhfeidhm i gceart, go háirithe sa gcóras oideachais agus luathoideachais.

Matilda Loborg, bainisteoir tionscadail le hOifig Iniúchóireachta Náisiúnta na Sualainne agus bratacha a bhaineann le mionteangacha na tíre Pictiúr: Sveriges Radio Finska

Léirigh an t-iniúchadh go mbíonn moilleanna, éiginnteacht agus cur amú acmhainní ag baint le na beartais teanga agus bíonn siad bunaithe ar thionscadail shealadacha.

Mar shampla, bhí ar Institiúid na dTeangacha agus an Bhéaloidis ionaid teanga a bhunú don Fhionlainnis, Giúdais, Meänkieli agus Romainis.

Ach toisc go raibh éiginnteacht ann maidir le hinmharthanacht an tionscnaimh, b’éigean don fhoireann éirí as — agus filleadh arís nuair a tháinig maoiniú eile.

Deir an Oifig go gcaithfidh na hionaid teanga sin a bheith buan chun acmhainní a chaomhnú agus forbairt fhadtéarmach a chumasú.

“Má theastaíonn uainn go mairfidh na teangacha mionlaigh seo, ní leor focail dheasa. Tá gníomh leanúnach agus buan de dhíth,” a dúirt Loborg.

“Ní mór do na húdaráis a bheith in ann bearta a phleanáil bunaithe ar riachtanais fhíoracha, seachas teorainneacha a bhaineann tionscadail shealadacha.”

Cuireadh iachall ar pháistí freastal ar scoileanna conáithe le teanga agus nósanna na Sualainne a fhoghlaim

Sa 19ú agus 20ú haois, chuir rialtas na Sualainne polasaithe i bhfeidhm chun na Sualainnise a chur chun cinn agus rinneadh leithcheal go minic ar mhionlaigh sa tír a labhair teangacha difriúla.

Sna 1930idí, cuireadh iachall ar pháistí ón bpobal Meänkieli agus ón bpobal Sámi freastal ar scoileanna cónaithe le nósanna “sibhialta” a fhoghlaim agus cuireadh cosc orthu a dteangacha dúchasacha a labhairt.

Tháinig deireadh leis na polasaithe seo sna 1970idí agus i 2020, bhunaigh rialtas na Sualainne dhá choimisiún le fiosrúchán a dhéanamh ar mhí-úsáid an stáit i dtreo na ngrúpaí seo.

Sa lá atá inniu ann, in ainneoin na ndlíthe a thugann cosaint do mhionteangacha na tíre, léiríonn taighde agus tuairiscí go minic nach gcuirtear na cearta sin i bhfeidhm go rialta.

Tá líon na gcainteoirí ag titim i roinnt cásanna, agus bíonn brú ar theaghlaigh a gcuid leanaí a thógáil le teangacha áirithe de bharr easpa tacaíochta praiticiúla.

De réir gníomhaithe pobail, mothaíonn cuid mhór daoine óga nárbh fhiú an iarracht a dteanga dhúchais a fhoghlaim nó a úsáid, ós rud é nach bhfuil sí le cloisteáil sa saol laethúil.

Aistríodh na ráitis san alt seo ón Sualainnis go Gaeilge agus tá siad bunaithe ar thuairisc a rinneadh ar an stáisiún raidió Sveriges Radio Finska


Lean muid ar na meáin shóisialta

Scéalta Eile