Diúltaíonn gníomhaí frith-Ghaelach an Ghaeilge (nó an Béarla) a fhoghlaim

Le déanaí d’éirigh le Lasair aird a tharraingt ó ghrúpa an-aisteach ar fad.

D’fhág an grúpa frith-Ghaelach Protestants Against Gaelic language trácht ar ár leathanach Facebook agus mhaígh siad gur “choir fuath i gcoinne Protastúnaigh” í an Ghaeilge.

ghaeilge

Ar ndóigh, cheapamar go raibh cúnamh ag teastáil ón duine bocht seo agus thairgeamar ceachtanna Gaeilge (agus Béarla) saor in aisce dó.

Faraor, léirigh an gníomhaí ó Protestants Against Gaelic language go raibh sé i gcoinne an Bhéarla chomh maith lena ráiteas “fluent in tat horrible ugly language.”

Tá tuilleadh coireanna fuath i gcoinne an Bhéarla le feiceáil ar shuíomh na heagraíochta anseo.


Scéalta Eile