Coláiste na Tríonóide le deireadh a chur le ceangail Iosraelacha

Ghlac an Coláiste le moltaí ón tascfhórsa a bunaíodh de bharr champa agóide a bhí lonnaithe ar an gcampas anuraidh

Tá bord rialaithe Choláiste na Tríonóide tar éis vótáil ar son deireadh a chur le haon cheangal atá ag an ollscoil le heagraíochtaí ó Iosrael.

Tharla an cinneadh seo tar éis do Bhord Rialaithe na hollscoile vóta a chaitheamh i bhfabhar moltaí ó thascfhórsa a bunaíodh tar éis agóid mhór a rinneadh ar an gcampas ar son mhuintir na Palaistíne mí an Bhealtaine 2024.

Mar thoradh ar an gcinneadh, ní dhéanfaidh Coláiste na Tríonóide comhaontú nua taighde nó malartú ar bith le hinstitiúidí Iosraelacha.

Ní bheidh aon earraí ó Iosrael á n-úsáid ag an ollscoil feasta, agus tá sé i gceist acu fáil réidh leis na hinfheistíochtaí atá acu i gcomhlachtaí atá bunaithe sa tír sin.

Cé go gcloífear leis na comhaontuithe taighde atá i bhfeidhm faoi láthair, ní dhéanfar athnuachan orthu.

Tá dhá chomhaontú malartaithe Erasmus+ idir Choláiste na Tríonóide agus ollscoileanna Iosraelacha – tá ceann le críochnú i mbliana agus an ceann eile i 2026.

Mic léinn Iosraelacha amháin a ghlac páirt sna cláranna sin ó Mheán Fómhair 2023 ar aghaidh.

Tríonóide
Moladh don ollscoil gan páirt a ghlacadh i dtionscadail taighde an Aontais Eorpaigh má tá baint ag Iosrael leo.

Bunaíodh an tascfhórsa mar chuid de chomhaontú le deireadh a chur leis an gcampa agóide a bhunaigh na mic léinn ar an gcampas.

Bhí 26 ball den tascfhórsa – ina measc bhí mic léinn, ionadaithe ceardchumainn agus baill fhoirne sinsearacha mar chuid den ghrúpa seo. Bhí iar-Uachtarán na hArd-Chúirte, Mary Irvine, mar chathaoirleach orthu.

Tháinig an grúpa le chéile 14 uaire i gcaitheamh na bliana, agus mhol siad go láidir don ollscoil éirí as gach cineál caidrimh atá aici le hinstitiúidí agus comhlachtaí Iosraelacha.

Mhol siad don ollscoil freisin gan páirt a ghlacadh i dtionscadail nua taighde an Aontais Eorpaigh más rud é go bhfuil baint ag Iosrael leo.

Mhol an tuairisc freisin gur chóir do Choláiste na Tríonóide comhoibriú a dhéanamh le hinstitiúidí eile ar fud na hEorpa chun deireadh a chur leis an gcomhoibriú taighde idir an tAontas Eorpach agus Iosrael.

Chuir an grúpa “Academia ar Palestine TCD” fáilte roimh an gcinneadh agus dúirt siad gur céim shuntasach a bhí ann le seasamh i gcoinne an “normalú” a bhaineann le forghabháil Iosrael agus fulaingt na bPalaistíneach.

Dúirt an ollscoil nach bhfuil aon chonarthaí soláthair reatha aici le comhlachtaí ó Iosrael, agus ní dhéanfaidh sí conarthaí dá leithéid amach anseo.

Cé go raibh roinnt infheistíochtaí ag Coláiste na Tríonóide i gcomhlachtaí atá ar liosta dubh na Náisiún Aontaithe, tá siad anois tiomanta iad dhíoladh chuig comhlachtaí atá lonnaithe in Iosrael.


Lean muid ar na meáin shóisialta

Scéalta Eile