Stádas oifigiúil faighte ag an nGàidhlig agus an Albainis san Albain
Tá Parlaimint na hAlban tar éis bille nua a rith a thugann stádas oifigiúil don Ghàidhlig agus an Albainis.
Vótáil na feisirí parlaiminte d’aon ghuth ar son Bhille Teangacha na hAlban, a dhéanfaidh athruithe tábhachtacha ar an tacaíocht a bheidh ar fáil do na teangacha seo sa chóras oideachais.
Dar le rialtas na hAlban, cuideoidh an bille seo le hiarrachtaí an dá theanga a fhorbairt.

Dúirt an Leas-Phríomhaire, Kate Forbes, go raibh “muinín” aici go gcabhróidh an reachtaíocht le hiarrachtaí an rialtais líon na gcainteoirí a mhéadú.
Luaigh sí go neartóidh an bille na cearta atá tuismitheoirí scoil lán-Ghàidhlig a aimsiú ina gceantar féin, agus go gcuirfear spriocanna agus cáilíochtaí nua ar fáil don teanga.
Mar chuid den reachtaíocht nua, beidh sé indéanta freisin “ceantair thábhachtacha teanga” a chruthú in áiteanna ina mbíonn an Ghàidhlig fós á labhairt mar theanga phobail – cosúil leis na ceantair Ghaeltachta in Éirinn.

Deir an rialtas go gcabhróidh sé leo maoiniú agus tacaíocht a dhíriú ar na réigiúin is leochailí ó thaobh na teanga de.
Tá £5.7 milliún breise á chur ar fáil i mbliana chun an Ghàidhlig agus an Albainis a chur chun cinn.
Léirigh Daonáireamh 2022 go raibh scileanna Gàidhlig ag 130,161 duine – méadú de bheagnach 43,000 ó 2011.
Bhí scileanna Albainise ag 2.4 milliún duine, méadú suntasach ó 2011 freisin.
Mar sin féin, rinne Páirtí an Lucht Oibre cáineadh ar an mbille. Dúirt a n-urlabhraí airgeadais, Michael Marra, nach bhfuil an bille “sách maith” agus ní éireoidh leis an Ghàidhlig a chosaint.

Dúirt sé nach mbeidh dul chun cinn fíor ann gan forbairt eacnamaíoch sna ceantair Gàidhlig.
Tá an bhliain seo ag comóradh 20 bliain ó ritheadh Acht na Gàidhlig (Albain) 2005 — céim mhór ag an am, agus anois céim eile chun teangacha dúchasacha na hAlban a neartú.
