Iarrann Feisire Eorpach ar Leasuachtarán an Choimisiúin a ráitis faoi neodracht na hÉireann a tharraingt siar

“Tá troid le déanamh fós maidir leis an gcos ar bolg a dhéantar ar an nGaeilge – rud a thugann an feachtas d’Acht Gaeilge ó Thuaidh le fios.”

Tá an Feisire Eorpach Kathleen Funchion tar éis iarraidh ar Leasuachtarán an Choimisiúin Eorpaigh a ráitis faoi neodracht na hÉireann a tharraingt siar.

Labhair an feisire ó Shinn Féin i bParlaimint na hEorpa, i Strasbourg, le linn díospóireachta faoin gcruinniú mór NATO a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn.

Rinne Funchion cáineadh ar “easpa gnímh” an Aontais Eorpaigh maidir le hionsaí Iosrael ar Gaza, chomh maith le cúrsaí eile sa Mheánoirthear agus san Iaráin.

An Feisire Eorpach, Kathleen Funchion

Dúirt sí go raibh freisin go raibh an ceart ag gach ballstát a roghanna féin a dhéanamh maidir le comhghuaillíochtaí míleata agus chuir sí béim ar neodracht na hÉireann.

“Tá stair bhródúil againn maidir le coimeád síochána leis na Náisiúin Aontaithe, agus ba chóir dúinn leanúint leis an traidisiún sin,” a dúirt Funchion.

Dúirt sí freisin gur “tionscadal síochánta” é an tAontas Eorpach agus níor cheart dó iompú i dtreo an mhíleatachais.

Mar fhreagra, mhaígh Coimisinéir Ghnóthaí Eachtracha na hEorpa agus Leasuachtarán an Choimisiúin, Kaja Kallas, gur bhain Éire tairbhe as an tsíocháin i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, fad is a bhí tíortha eile san Eoraip faoi smacht an Chuirtín Iarainn.

Leasuachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Kaja Kallas
Pictiúr: An tAontas Eorpach

Freisin, dúirt Kallas  – gurb as an Eastóin di – nach gciallaíonn síocháin go gcuirtear deireadh le fulaingt i gcónaí, agus gur féidir níos mó pian a chruthú nuair a ghéilltear don ionsaitheoir.

Dúirt sí, “De réir an taithí a bhí againne taobh thoir den Chuirtín Iarainn tar éis an Dara Cogadh Domhanda, tháinig rath ar thíortha cosúil le hÉirinn ach dúinne, d’fhulaingíomar ó ainghníomhartha, díbirt agus rinneadh cos ar bolg ar ár gcultúr agus ár dteanga.”

Áfach, rinne Funchion cáineadh ar an bhfreagra seo agus dúirt sí go raibh na ráitis “míchruinn” agus gur léirigh siad míthuiscint faoi stair na hÉireann.

Feisire
Parlaimint na hEorpa, Strasbourg

Dúirt sí gur fhulaing muintir Éireann ó ainghníomhartha freisin, go mór mór ó Thuaidh, agus luaigh sí sléacht Bhaile Uí Mhurchú i mBéal Feirste agus sléacht Dhomnach na Fola i nDoire.

Dúirt Funchion freisin, “Tá troid le déanamh fós maidir leis an gcos ar bolg a dhéantar ar an nGaeilge – rud a thugann an feachtas d’Acht Gaeilge ó Thuaidh le fios.”

Tuigtear gur scríobh an Feisire Funchion chuig an Choimisinéara Kallas le hiarraidh uirthi a ráitis a tharraingt siar.


Scéalta Eile