Ar a laghad 45 duine maraithe in ionsaithe Iosraelacha i nGaza inniu
Tá ráta míchothaithe i measc leanaí óga i nGaza méadaithe faoi thrí ó cuireadh an t-imshuí is déanaí i bhfeidhm.
Maraíodh ar a laghad 45 duine i nGaza in ionsaithe Iosraelacha inniu, dar le foinsí leighis áitiúla.
Ar a laghad 45 duine maraithe in ionsaithe Iosraelacha i nGaza inniu
Dar leis an Aireacht Sláinte i nGaza, maraíodh 15 Palaistíneach agus gortaíodh 50 eile in aerionsaithe i gceantar Sabra, i dtuaisceart na cathrach.
Deir finnéithe go raibh níos mó ná diúracán amháin i gceist agus gur bhuail siad bloc árasán, rud a rinne damáiste do thithe eile in aice láimhe.
Thug an Aireacht le fios freisin go bhfuil ospidéil i nGaza ag fulaingt ó ghanntanas breosla agus ní mhairfidh na soláthraithe atá acub ach trí lá.
Deir siad chomh maith go bhfuil a cosc curtha ag Iosrael ar eagraíochtaí idirnáisiúnta teacht ar sholáthraí breosla i nGaza a bhí curtha i leataobh d’ospidéil sa cheantar.

Deir Iosrael gur éirigh leo corpán ghiall a gabhadh le linn ionsaí Hamas ar 7 Deireadh Fómhair 2023 a aimsiú.
Dúirt Aire Cosanta Iosrael, Israel Katz, go raibh corp Nattapong Pinta, oibrí talmhaíochta ón Téalainn a fuadaíodh ón Kibbutz Níor Oz, aimsithe i dtuaisceart Rafah.
Dar leis an arm, bhí an corp á choinneáil ag grúpa armtha Palaistíneach darb ainm na Briogáidí Mujahedeen.
Faoi láthair, tá na Náisiúin Aontaithe ag tabhairt foláirimh go bhfuil tromlach de dhaonra Gaza – tuairim is 2.3 milliún duine – i mbaol gorta tar éis imshuí 11 seachtaine.
Tá ráta míchothaithe i measc leanaí óga méadaithe faoi thrí ó cuireadh an t-imshuí is déanaí i bhfeidhm.
Dúirt an Gaza Humanitarian Foundation (GHF) – grúpa a fhaigheann tacaíocht ó Iosrael agus Meiriceá – gur cuireadh stop le dáileadh cúnaimh inné de bharr sluaite móra.
Tharraing an GHF cáineadh ó na Náisiúin Aontaithe agus dúirt siad nach raibh an eagraíocht neodrach ná cothrom.
Níl sé soiléir fós ar cuireadh tús le dáileadh cúnaimh aríst.
Idir an 1 agus 3 Meitheamh, deir oifigigh ospidéil gur lámhachadh níos mó ná 80 duine agus gur gortaíodh na céadta eile in aice le pointí dáileacháin.
