Tabharfaidh tionscadal nua deis do dhaltaí Gaelscoile an teanga a labhairt taobh amuigh den scoil

Cuirfidh an tionscadal daltaí i dteagmhál le cumainn shóisialta a fheidhmíonn trí Ghaeilge

Sheol an tAire Oideachais, Helen McEntee TD, an tionscadal nua píolótach Foraois an tseachtain seo caite le “beocht a chur sa Ghaeilge lasmuigh de gheataí na scoile.”

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo deiseanna a thabhairt do dhaltaí Gaelscoile an Ghaeilge a labhairt i gcomhthéacs nádúrtha taobh amuigh den seomra ranga.

Beidh cúig scoil lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath páirteach sa gcéad chéim den tionscadal, idir bhunscoileanna agus meánscoileanna: Gaelscoil Cholmcille (An Chúlóg), Gaelscoil Ghráinne Mhaol (Domhnach Míde), Gaelscoil Míde (Cill Bharróg), Scoil Neasáin (Baile Hearmann), agus Gaelcholáiste Reachrann (Domhnach Míde).

Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt an tAire McEntee, “Tá Foraois ina chéim thábhachtach chun pobal beo Gaeilge a chruthú thart ar ár nGaelscoileanna.”

“Is deis é do pháistí agus do dhéagóirí an Ghaeilge a úsáid mar ghnáth-theanga i suíomhanna spraíúla agus sóisialta. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfaigheann an Ghaeilge spás lasmuigh den seomra ranga freisin.”

Déanfaidh an tionscadal iarracht deis a thabhairt do na daltaí a bheith páirteach in imeachtaí a bhaineann le heagraíochtaí a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge cosúil le  clubanna spóirt, ceardaíochta, ceol, ealaíona agus fostóirí.

Chuir Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, fáilte roimh an bhfógra.

I ráiteas inné, dúirt sé, “Tá lúcháir orainn a bheith páirteach i dtionscadal ceannródaíoch atá ag cur bonn láidir faoi athbheochan na Gaeilge i gceantair uirbeacha.”

“Léiríonn comhairliúcháin le daltaí agus tuismitheoirí go bhfuil an fonn ann — níl uainn anois ach na huirlisí agus an tacaíocht a chur ar fáil dóibh.”

Tá an scéim á chómhaoiniú ag an Roinn Oideachais agus Óige, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus Gaeilge365.

Beidh Conradh na Gaeilge i mbun comhordaithe, agus tá siad ag earcú clárbhainisteora faoi láthair le haghaidh na tréimhse trí bliana thosaigh.

Beidh an té sin ag obair go dlúth leis na scoileanna, leis na tuismitheoirí, agus le heagraíochtaí áitiúla chun struchtúir inbhuanaithe a chruthú don Ghaeilge sa bpobal.

Léiríonn taighde ón Roinn Oideachais go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndaltaí i nGaelscoileanna atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a úsáid lasmuigh den scoil, ach nach bhfuil dóthain deiseanna ann faoi láthair.

Le tacaíocht cheart, d’fhéadfadh an tionscadal seo a bheith mar bhunús le hathrú mór i gcur chuige an stáit maidir le húsáid na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Tá súil ag na comhpháirtithe go leathnófar an scéim chuig níos mó scoileanna amach anseo.

Dúirt Richard Shakespeare, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, “Táimid ag freagairt don éileamh atá ag daoine óga ar bhealaí praiticiúla agus spraíúla chun a gcuid Gaeilge a úsáid.”

“Trí Foraois, beimid ag tógáil na struchtúr pobail sin a fhágfaidh go mbeidh an Ghaeilge ina cuid nádúrtha dá saol.”

Más maith leat cur isteach ar an ról bainistíochta nó tuilleadh eolais a fháil faoi Foraois is féidir brú ar an nasc anseo.


Lean muid ar na meáin shóisialta

Scéalta Eile