An stair ghránna a bhaineann le réabadh reilige in Éirinn

Sa 19ú haois, tháinig borradh ollmhór ar an gcleachtas uafásach corpáin a ghoid ó reiligí in Éirinn agus níos faide i gcéin

Tá rún aisteach ag an iarsmalann is sinne in Éirinn. Lonnaithe ag cúl an champais i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, tá dhá chreatlach i bhfolach i gcófra in iarsmalann zó-eolaíochta na hollscoile.

Ní fios go díreach cé as ar tháinig na creatlacha seo ach bhíodh sé mar nós ag an gcoláiste corpáin goidte a cheannach le scrúduithe a dhéanamh orthu.

I 2023, rinne Coláiste na Tríonóide an cinneadh 13 blaosc a thabhairt ar ais go hInis Bó Finne, Contae na Gaillimhe. Ghoid na fir léinn Alfred Haddon agus Andrew Francis Dixon na blaoscanna seo in 1890, sular bhronn an péire acub iad ar an ollscoil.

Chreid na hollúna go raibh muintir an oileáin ina nÉireannaigh “fiáine” nó “dúchasacha”. Rinne Haddon agus Dixon tomhais bhlaoisce orthu mar cheap siad go dtabharfadh sé seo léargas ar a saintréithe ciníocha. Bhí an cleachtas seo bunaithe ar theoiric bréageolaíoch darbh ainm “freineolaíocht”, nó “phrenology” i mBéarla.

reilig réabadh
Reilig Naomh Colmán ar Inis Bó Finne

Cé go meastar sa lá atá inniu ann go bhfuil an nós seo go hiomlán mímhorálta, bhí sé sách coitianta do réabóirí in Éirinn agus sa Bhreatain corpáin agus baill choirp a ghoid ó reiligí.

Nuair a tháinig tús le Ré na hEagnaíochta, tháinig borradh ar an éileamh do choirp mharbha mar theastaigh ó choláistí leighis agus anatamaithe (anatomists) scrúduithe agus dioscadh a dhéanamh orthu.

I mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste go mór mór, tháinig borradh ar an gcleachtas uafásach seo. Ba mhinic a ghoid réabóirí reilige na corpáin seo le heaspórtáil a dhéanamh orthu go cathracha ollscoile cosúil le Glaschú, Dún Éideann, agus Londain.

Réabóirí reilige i mbun oibre

Bhain an gnó seo barr a réime amach idir 1800 agus 1830. In 1823, rith Parlaimint Shasana le hAcht Breithiúnais an Bháis, rud a laghdaigh úsáid phionóis an bháis go mór.

Roimhe sin, rinneadh scrúduithe leighis ar choirpigh a bhí curtha chun báis don chuid is mó. Ach nuair a tháinig laghdú ar an bhfoinse seo, chuir sé seo brú ollmhór ar ollúna coirp a sholáthar ó réabóirí reilige.

Bhain Reiligí Ghlas Naíon agus Acra an Bhulaí clú agus cáil amach mar láithreacha i mBaile Átha Cliath inar fheidhmigh réabóirí reilige. I mBéal Feirste, ba mhinic a mbíodh na réabóirí seo ar thóir ar chorpáin i reiligí Bhóthar na Seanchille, Shráid Clifton agus Thom an Bhráthar.

Bhain gaolta na marbh úsáid as túir faire mar seo i Reilig Ghlas Naíon i mBÁC chun feitheoireachta a dhéanamh ar an reilig

De ghnáth, ní bhíodh ar réabóirí reilige an sciorta talún ar fad timpeall an choirp a thochailt. Bhaintí úsáid as modh speisialta leis an gcorpán a fháil. Dhéantaí poll caol taobh thiar de bharr na cónra, sula mbristí é. Bhíodh na réabóirí ansin in ann rópa a cheangail timpeall mhuiníl an chorpáin chun é a tharraingt aníos ón uaigh.

Tógadh túir faire i nGlas Naíon agus ar Bhóthar na Seanchille le go mbeadh gaolta na marbh in ann feitheoireacht a dhéanamh ar na reiligí chun an ruaig a chuir ar réabóirí. Tá na foirgnimh seo fós le feiceáil sa lá atá inniu ann.

Dóibh siúd a bhí sé ar a n-acmhainn iad a cheannach, chuirtí cliabháin iarainn timpeall a gcónraí agus a n-uaigheanna chun iad a choinneáil slán.

Sampla de chliabhán iarainn a úsáideadh chun uaigheanna a chosaint

Tá neart scéalta gránna le fáil ón tréimhse seo i mBaile Átha Cliath agus Béal Feirste. Dar le tuairisc ó nuachtán an Northern Whig in 1832, thángthas ar chreatlach “nach raibh i bhfad ón scian” lasmuigh de Halla na Cathrach i mBéal Feirste. Bhí neart tuairiscí de chorpáin marbh a aimsíodh ar longa a bhí ag fágáil na gcathracha freisin.

Ach bhain an scéal ab uafásaí ón tréimhse seo le beirt Éireannach; William Burke as Contae Dhoire agus William Hare as Contae Thír Eoghain. Chuaigh an péire acu ar imirce go Dún Éideann, áit a dhúnmharaigh siad ar a laghad 16 íospartach lena gcorpáin a sholáthar don Dochtúir Robert Knox ó Ollscoil Dhún Éideann.

Meastar áfach gur dhúnmharaigh siad thart ar 30 duine. Ag an am seo, bhí ollúna sásta níos mó airgid a íocadh do chorpáin “úra”. Mar sin, bhí sé níos brabúsaí do Burke agus Hare daoine a mharú ná reiligí a réabadh.

Ar deireadh, rugadh ar Burke agus Hare nuair a dhúnmharaigh siad bean Éireannach darbh ainm Margaret Docherty. Rinne na meáin scéal ollmhór den triail, go háirithe nuair a sceith Hare ar a chomhpháirtí. Cuireadh Burke chun báis ar an 28ú hEanáir 1828, agus crochadh é as dúnmharú os comhair slua 25,000.

Portráidí de Burke (ar chlé) agus Hare (ar dheis) a rinneadh i rith na trialach

Rinneadh dioscadh poiblí ar a chorp san ollscoil agus bronnadh a chreatlach ar Scoil Leighis Dhún Éideann, áit a bhfuil sé ar taispeáint fós. Tháinig Hare as an eachtra go hiomlán saor ach chaith sé an chuid eile dá shaol mar bhacach caoch i Londain, de bharr an droch-chlú a bhain sé amach.

Spreag Burke agus Hare go leor dúnmharuithe eile timpeall na Breataine, ar tugadh “Burkings” orthu. Mar thoradh ar seo, rinne Parlaimint Shasana iarracht an t-éileamh do chorpáin a laghdú agus rith siad leis an Acht Anamataíochta in 1832.

Lig sé seo do dhaoine a gcorp a dheonú don eolaíocht agus d’institiúidí leighis íocadh as seirbhísí adhlacóireachta. Dheonaíodh corpáin neamhéilithe ó phríosúin, ospidéil, agus tithe na mbocht chomh maith go hinstitiúidí leighis. Cé go raibh neart impleachtaí eiticiúla i gceist leis an Acht seo, d’éirigh leis an réabadh reilige a laghdú.

Scéal tragóideach eile a bhain leis an gcineál réabadh seo ná cás Charles Byrne, a rugadh i nDeisceart Chontae Dhoire i 1761. Bhí galar neamhghnách ar Byrne darbh ainm “acraimeigileacht”, nó “acromegaly” i mBéarla.

Mar thoradh ar seo, d’fhás sé go 7 dtroithe, 7 n-orlaí ar fhad. Agus é fós ina dhéagóir, chuaigh Byrne ar imirce go dtí an Bhreatain, áit ar bhain sé clú agus cáil amach láithreach. Chuaigh sé ar chamchuairt timpeall na tíre, ag tarraingt airde ón bpobal mar ábhar iontais. Is ansin a bhain sé amach an leasainm “Fathach na hÉireann”.

Faraor, tháinig breoiteacht uafásach ar Charles Byrne nuair nach raibh sé ach 21 bliain d’aois. Bhí a fhios aige go raibh ollamh cáiliúil i Londain darbh ainm John Hunter a bhí ar thóir a chorp.

Bhí sceimhle ar Byrne go ngoidfí a chorp nuair a chailleadh é agus rinne sé iarracht plean a dhéanamh adhlacadh rúnda a eagrú. Áfach, fós d’éirigh le Hunter corpán Byrne a ghoid nuair a d’éag sé.

Rinne Hunter scrúduithe ar chorpán Byrne agus chuir sé a chreatlach ar taispeáint ina iarsmalann phríobháideach. Tá creatlach Byrne fós i seilbh an Hunterian Museum, atá mar chuid de Choláiste Ríoga na Máinlianna i Sasana sa lá atá inniu ann.

Creatlach Charles Byrne ar taispeáint gColáiste Ríoga na Máinlianna i Sasana

Tá creatlach Charles Byrne théis neart airde agus díospóireachta a tharraingt le blianta beaga anuas. I 2015, scríobh Méara Chathair Dhoire, Martin Reilly litir chuig an iarsmalann, ag impí orthu “meas a léiriú” ar mhianta Charles Byrne maidir lena adhlacadh.

Rinneadh clár faisnéise do TG4 agus BBC Thuaisceart Éireann faoin gcás seo i 2010 den teideal “Charles Byrne: Fathach na hÉireann”. Is féidir breathnú air ar YouTube fós ar an nasc anseo.

I Mí Eanáir 2023, d’fhógair an Hunterian Museum nach dtaispeánfadh creatlach Byrne go poiblí níos mó. Áfach, dhiúltaigh an iarsmalann scaoileadh leis, rud a tharraing cáineadh ó neart tráchtairí sna meáin.

Aisteach go leor, tá an ghéin a spreagann fathachas, nó “gigantism“, an-choitanta timpeall Cheantair Lár Uladh, an áit gurbh as do Byrne.

Tá an ghéin seo ag duine amháin as gach 150 duine sa cheantar seo sa lá atá inniu, i gcomparáid le duine amháin as gach 2,000 duine sa Ríocht Aontaithe ina hiomláine. D’fhéadfadh sé seo a thabhairt le fios cén fáth go bhfuil an oiread sin fathach le fáil i bhfinscéalaíocht Uladh cosúil le Fionn Mac Cumhaill.


Scéalta Eile