Kneecap réidh dá gceolchoirm is mó sa mBreatain
Tá sé deimhnithe go mbeidh Kneecap le cloisteáil ag Glastonbury i mbliana freisin.
Tá Kneecap tar éis a gceolchoirm is mó sa mBreatain Mhór go dtí seo a fhógairt agus beidh siad ag seinm san OVO Arena i Londain ar an 18 Meán Fómhair.
D’fhógair Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí an scéal ar na meáin shóisialta le teachtaireacht ghairid: “The belly of the beast – let’s go.”
Beidh réamh-dhíol na dticéad ar fáil trí chainéal WhatsApp an bhanna ó 10in amárach, agus cuirfear tús leis an ngnáthdhíol Dé hAoine.
Tagann an nuacht seo i ndiaidh do Kneecap a bheith ag seinm ag féilte ceoil móra le rá le déanaí cosúil le féile Wide Awake i Londain.
All London heads…💥
— KNEECAP (@KNEECAPCEOL) June 3, 2025
Our biggest ever headline show outside of Ireland will take place on September 18th at the OVO Wembley Arena. 🔥
– Pre-sale is tomorrow (Wednesday) at 10am in our WhatsApp channel.
– General sale is 10am this Friday.
The belly of the beast – let's go! pic.twitter.com/hodAF5VePr
Tá sé deimhnithe freisin go mbeidh an grúpa rapcheoil le cloisteáil ag Glastonbury i mbliana.
Áfach, bhí sé socraithe go mbeadh siad ar stáitse ag féile TRNSMT i nGlaschú, ach cuireadh an taispeántas seo ar ceal tar éis do na póilíní imní a léiriú faoina shábháilteacht.
Mar chúiteamh, tá seó eile curtha in áirithe acu anois san O2 Academy i nGlaschú do mhí Iúil.
An mhí seo caite bhí Kneecap i mbéal an phobail nuair a cúisíodh Mo Chara (Liam Óg Ó hAnnaidh), le coir sceimhlitheoireachta i ndiaidh eachtra líomhanta a tharla i rith seó i Londain i 2023.
Shéan an grúpa go ndearna siad rud ar bith mícheart agus deir siad go ndéanfaidh siad cosaint iomlán ar na cúisimh.
Beidh Kneecap le feiceáil in Éirinn go luath freisin. Beidh ceolchoirm acu i bPáirc Fhionnuisce, Baile Átha Cliath, ar an 19 Meitheamh agus tá sé seo díolta amach cheana féin
Beidh siad ar stáitse freisin sa 3Arena ar an 16 agus 17 Nollaig.
