Tiocfaidh ár LOL: ‘Cheap mé go raibh Starmer ag magadh lena ráitis faoi Kneecap’ a deir Varadkar
“Ní ceart do pholaiteoirí iarracht dhéanamh rud mar seo a chur faoi chinsireacht.”
Tá an t-iarTaoiseach Leo Varadkar, tar éis géarcháineadh a dhéanamh ar ráitis a rinne Príomh-Aire na Breataine, Keir Starmer, faoi Kneecap.
In agallamh leis an nuachtán The Sun le déanaí, dúirt Starmer nach raibh sé “oiriúnach” go mbeidh an banna ceoil as Béal Feirste le feiceáil ar stáitse ag féile Glastonbury an deireadh seachtaine seo.
Áfach, tá Varadkar tar éis cosaint a dhéanamh ar Kneecap, ag rá gur cheap sé go raibh Starmer ag “magadh” nuair a chuala sé a ráitis don chéad uair.

I ráiteas ar na meáin shóisialta, dúirt an t-iarTaoiseach, “ní ceart do pholaiteoirí iarracht a dhéanamh rud mar seo a chur faoi chinsireacht.”
Dúirt sé, “Níl mise in oifig a thuilleadh, mar sin níl mo chuid tuairimí róthábhachtach. Tuigim é sin. Ach i ndáiríre cheap mise gur magadh a bhí ann.”
“Tá sé mar ról ag ealaíontóirí a bheith avant guarde, mí-oiriúnach, dúshlánach, conspóideach.”
“Más rud é go bhfuil coir déanta, lig do na cúirteanna breithiúnas a dhéanamh ar.”
Tá Kneecap chun a bheith ar stáitse ag Glastonbury Dé Sathairn ag 4 i.n., agus tá sé beartaithe ag an BBC an cheolchoirm a chraoladh.

Dúirt ceannaire an Pháirtí Choiméidigh, Kemi Badenoch, an tseachtain seo caite nár cheart don BBC Kneecap a chur ar an aer.
Dúirt Starmer níos déanaí nach raibh sé “oiriúnach” go mbeidh an banna ag seinm ag Glastonbury, agus ball den ghrúpa os comhair na cúirte i Sasana faoi láthair.
Tá Liam Óg Ó hAnnaidh – nó Mo Chara mar a thugtar air – cúisithe de réir dlíthe frithsceimhlitheoireachta sa mBreatain.
Líomhnaítear gur chaith sé bratach Hezbollah ar stáitse agus go ndearna sé ráiteas a thug tacaíocht don ghrúpa míleata i rith ceolchoirm, mí na Samhna 2024.
Tá sé scaoilte ar bhanna gan choinníoll agus tá sé le filleadh ar an gcúirt i mí Lúnasa.
Luaigh Kneecap ráitis Starmer ar Instagram inné. Dúirt siad, “You know what’s ‘not appropriate’ Keir?! … Arming a f*cking genocide.”
