Athbhreithniú dleathach tosaithe in Éirinn faoi thithe ar AirBnB atá suite i lonnaíochtaí Iosraelacha
Deir grúpaí feachtais go raibh an próiseas a lean na Gardaí “míréasúnta” nuair a dhiúltaigh siad na liostaithe seo a fhiosrú
Tá athbhreithniú dleathach tosaithe ag gníomhaithe ar son na Palaistíne, i ndiaidh cinneadh ó na Gardaí gan fiosrúchán a dhéanamh ar thithe Airbnb atá suite i lonnaíochtaí mídhleathacha Iosraelacha.
Rinne na Gardaí an cinneadh seo i ndiaidh do Sadaka, an Global Legal Action Network (GLAN), agus grúpaí feachtais eile, gearán a dhéanamh, mí Lúnasa, 2023.
Mhaígh na grúpaí seo go raibh an roinn Éireannach de chuid Airbnb ag sárú dlíthe a bhaineann le sciúradh airgid mar lig siad do lonnaitheoirí Iosraelacha áitribh a chur ar cíos sna Críocha Gafa.

Deir siad go bhfuil sé seo mídhleathach agus go gcuireann sé leis an bhforghabháil atá mídhleathach de réir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (ICC).
Tá athbhreithniú breithiúnach tosaithe ag na gníomhaithe, le himscrúdú a dhéanamh ar an bpróiseas a lean na Gardaí agus iad ag déanamh an chinnidh seo.
Deir na grúpaí feachtais go raibh an próiseas a lean na Gardaí “míréasúnta”.
Shéan Airbnb Ireland na líomhaintí agus dúirt siad go leanann siad dlíthe na hÉireann agus na Stát Aontaithe.
Dúirt an comhlacht freisin go bhfuil siad ag tabhairt brabús óna liostaí sa mBruach Thiar do charthanachtaí ó 2019.

Bhí cás eile sna Stáit Aontaithe roimhe seo a bhain le liostaí san áit chéanna, ach thángthas ar shocrú lasmuigh den chúirt.
Dúirt an dlíodóir Gerry Liston ó GLAN gurb é seo an chéad uair ariamh a cuireadh reachtaíocht frith-sciúrtha airgid i bhfeidhm i gcomhthéacs le gnó a dhéantar i lonnaíochtaí mídhleathacha, agus go bhféadfadh tionchar tábhachtach a bheith ag toradh na cúise seo.
Léirigh Shawan Jabarin, stiúrthóir an ghrúpa cearta daonna Al-Haq, imní faoi ról gnólachtaí idirnáisiúnta sna Críocha Gafa. Dar leis, tá Airbnb ag soláthar seirbhísí a chuireann bac ar shaol agus maireachtáil Phalaistínigh, agus dúirt sé gur cheart deireadh a chur le haon ghníomhaíochtaí tráchtála a chothaíonn nó a éascaíonn an fhorghabháil.

Ina theannta leis an athbhreithniú breithiúnach, tá gearán foirmeálta eile curtha ar aghaidh ag GLAN agus Al-Haq chuig an OECD.
Sa ngearán sin, iarrtar ar Airbnb deireadh a chur le gach liostú atá lonnaithe sna Críocha Gafa.
Ag labhairt dó inniu i mBaile Átha Cliath, dúirt Cathaoirleach Sadaka, Éamonn Meehan, gur cheart d’Airbnb a bheith freagrach agus machnamh a dhéanamh.
