An Plassy: An scéal dramatúil taobh thiar den bhád clúiteach ar Inis Oírr
Tá cáil bainte amach ag an bPlassy de bharr go raibh sé le feiceáil ar ‘Father Ted’ ach ar an lá a tháinig sé i dtír, bhí an t-ádh dearg ar an gcriú gur tháinig siad slán
Ag a 5.10in ar an 8ú Márta 1960, bhuail long lastais darbh ainm an M.V. Plassy faoi Charraig na Finnise, ar chósta theas Inis Oírr.
Tá clú agus cáil bainte amach ag an long mar ábhair iontais do thurasóirí de bharr go raibh a creatlach le feiceáil i dteidil chreidiúna na sraithe teilifíse Father Ted. Ach ar an lá cinniúnach sin bhí an t-ádh dearg ar chriú na loinge gur tháinig siad slán ón drochthimpiste.
Bhí an fharraige faoi bhrat ceo an mhaidin sin agus ní raibh an criú in ann an baoi a fheiceáil a thug le fios go raibh clár mór aolchloiche ann faoin uisce tanaí.
Go tobann, bhí torann fothramach le cloisteáil nuair a scríob bun na loinge i gcoinne na carraige agus cuireadh poll inti. Líonadh an seomra innill le huisce farraige go tapa agus ní raibh na pumpaí ar bhord in ann fáil réidh leis.

D’imigh an chumhacht ón long agus múchadh na soilse. Ar an dea-uair áfach, bhí an raidió fós ag obair agus d’éirigh leis an gCaptaen Thomas Wilson teachtaireacht guaise a sheoladh go Staisiún Raidió Dhairbhre.
Bhí gála láidir ann ag brú an bháid anonn is anall. Bhí an baol ann go n-iompódh an long béal fúithi nó go mbrisfí i gcoinne na gcarraigeacha í. Thug an Captaen an t-ordú an long a fhágáil agus léim an criú ar fad ar bhád tarrthála na loinge.
Áfach, nuair a bhí gach duine ar bhord, ba léir go raibh siad fós i gcontúirt mar bhí an bád tarrthála ag buaileadh i gcoinne bun na loinge agus bhí an baol ann go dtitfeadh cuid den lastas orthu. Mar sin bhí ar an gcriú léimt ar ais ar bhord na loinge agus fanacht ann go dtí go mbeadh cabhair le fáil ó na seirbhísí éigeandála.
Áfach, ag an am seo bhí bád tarrthála de chuid an RNLI i gCill Rónáin, Inis Mór, ag déileáil le héigeandáil eile gar d’Inis Bó Finne. Mar sin, rinneadh teagmháil le “Criú an Rocket”, foireann dheonach de chuid an Gharda Chósta ar Inis Oírr.
Bhí gléas speisialta tarrthála acu darbh ainm “baoi osánach”, nó “breeches bouy” mar a thugtar air sa Bhéarla. Bhí an baoi ceangailte le rópa agus bhíodh ar an té a bhí le tarrtháil suí isteach ann le go dtarraingeodh i dtír iad.

Mar a tharla sé, níor bhaineadh úsáid as an ngléas seo ar mhisean tarrthála in Éirinn ariamh go dtí sin. Anois áfach bhí sé mar dhualgas ar fhoireann dheonach an oileáin leas a bhaint as le criú an Phlassy a tharrtháil!
Ní raibh carranna ná capaill ar Inis Oírr ag an am agus bhí droch-chaoi ar na bóithre. Mar sin, cuireadh an gléas ar chairt agus bhí ar cuid de mhuintir na háite é a bhrú lena láimhe go Gob na Cora, an áit is gaire ar an oileán don long bhriste.
Tasc crua a bhí ann áfach agus bhí ar na hoileánaigh gaineamh agus carraigeacha a bhogadh le bealach a ghearradh dóibh féin. San iomlán, chuidigh os cionn 60 duine leis an iarracht seo a ghlac níos mó ná uair an chloig.
Baineadh úsáid as roicéad leis an rópa a scaoileadh i dtreo na loinge. Ag a 9in, scaoileadh an chéad roicéad i dtreo an Phlassy ach níor éirigh leis teagmháil a dhéanamh leis an long.

Bhí ar an bhfoireann tarrthála dhá iarracht eile a dhéanamh an rópa a scaoileadh sula mbíodh siad in ann teagmháil a dhéanamh. Nuair a bhí an rópa ceangailte go daingean idir an Plassy agus an cósta, baineadh úsáid as an mbaoi chun criú na loinge a tharraingt i dtír, duine ar dhuine.
Aon duine dhéag san iomlán a bhí ar bhord an Phlassy. Nuair a tháinig siad i dtír ar Inis Oírr, fuair siad éadaí tirime agus thug muintir an oileáin aire na huibhe dóibh.
De bharr na drochaimsire, bhí ar an gcriú fanacht ann ar feadh cúpla lá eile agus de réir tuairiscí níor fhág siad deoir sna tithe ósta.

Ba mhór an chreidiúint é an tarrtháil seo do neamhspleáchas na n-oileánach. D’éirigh leo criú an Phlassy ar fad a shábháil le gléas nárbh úsáideach in Éirinn ariamh roimhe sin.
Cúpla seachtain ina dhiaidh bhí stoirm eile ann agus tháinig an long i dtír ar chósta an oileáin, áit a bhfuil sé ann fós. Sa lá atá inniu ann, is ábhar mórtais í an Plassy do mhuintir Inis Oírr.
Aisteach go leor, bhí antraipeolaí Meiriceánach mór le rá d’arbh ainm John C. Messenger ina chónaí ar an oileán nuair a cuireadh an misean tarrthála ar bun.
Bhí ceamara aige, rud a bhí sách neamhghnách ag an am, agus d’éirigh leis an-chuid pictiúir agus físeán a thógáil den eachtra ar fad.
Mar sin, tá bailiúchán fairsing de cháipéisí ann a dhéanann taifead ar chrógacht Chriú an Rocket. Is féidir neart do na grianghraif seo a fheiceáil i dTí Ned ar Inis Oírr agus tá an chuid eile i dtaisce i gcartlann Mhúsaem Mhuirí Náisiúnta na hÉireann.
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Músaem Mhuirí na hÉireann as ucht cóipeanna de na pictiúirí thuas a thabhairt dúinn
